Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan chun freastal ar shearmanas cuimhneacháin cothrom 42 bhliain na buamála

Minister Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Éireann, Tuaisceart Éireann, 2016

Beidh an tAire Flanagan ag freastal ar shearmanas cuimhneacháin agus ag leagan bláthfhleisce thar ceann an Rialtais mar chomóradh cothrom 42 bhliain na buamála i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán.

Inniu (Dé Máirt) beidh an tAire Flanagan ag freastal ar an searmanas cuimhneacháin sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath chun comóradh a dhéanamh ar an mbuamáil i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán, a tharla 42 bhliain ó shin. Níos déanaí, freastalóidh an tAire ar shearmanas bláthfhleisce ag an leacht cuimhneacháin i leith bhuamáil Bhaile Átha Cliath-Mhuineacháin ar Shráid Talbóid i mBaile Átha Cliath, agus leagfaidh sé bláthfhleasc ag an leacht thar ceann Rialtas na hÉireann.

Ag labhairt dó roimh shearmanas na bláthfhleisce, dúirt an tAire Flanagan:

"Thar ceann an Rialtais nua, ba mhaith liom ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl do theaghlaigh na ndaoine a maraíodh agus dóibh siúd a gortaíodh sna heachtraí gránna ar an 17 Bealtaine 1974. Fuair 33 dhuine bás an lá sin, lá nach ndéanfaimid dearmad choíche ar a uafás – an líon is mó daoine a fuair bás in aon lá amháin le linn na dTrioblóidí. Gortaíodh 300 duine eile go dona.

"Tá an Rialtas i mbun obair sheasta chun rúin uile-pháirtí na Dála a chur chun feidhme, faoina bhfuiltear ag iarraidh ar Rialtas na Breataine rochtain a thabhairt do dhuine breithiúnach idirnáisiúnta neamhspleách ar gach doiciméad bunaidh atá ag an Rialtas sin a bhaineann leis an mbuamáil i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán. Leanfaidh an Rialtas ag saothrú an chuspóra sin go gníomhach, agus tá sé ina ghealltanas againn i gClár nua an Rialtais.

"Tá an Rialtas meáite freisin ar dhul chun cinn a dhéanamh i dtaobh bhunú na n-institiúidí chun déileáil le hoidhreacht an ama atá caite, beart a aontaíodh mar chuid de Chomhaontú Theach Stormont. Chun na críche sin, le roinnt míonna anuas, chuaigh oifigigh i mo Roinn i gcomhairle le roinnt grúpaí íospartach, lena n-áirítear Justice for the Forgotten, a bhfuil iarracht gan staonadh déanta acu ionadaíocht a dhéanamh ar íospartaigh na dTrioblóidí agus ar na daoine a gortaíodh dá mbarr.

"Ba luachmhar iad na cainteanna sin agus tabharfaidh siad bonn eolais do chur chuige an Rialtais agus é ag iarraidh teacht ar chomhaontú deiridh maidir le hinstitiúidí oidhreachta, nuair a bheidh an Feidhmeannas nua i réim i dTuaisceart Éireann. Beidh mé ag obair go crua chun féachaint chuige go mbunófar na hinstitiúidí sin, ar mhaithe le híospartaigh na dtrioblóidí agus leo siúd a tháinig slán astu, agus ar mhaithe lenár sochaí trí chéile. Bheadh comhaontú dá shamhail ina chabhair éigin chun tuilleadh ómóis a thabhairt do chuimhne na 33 dhuine sin a fuair bás ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin 42 bliain ón lá inniu, agus a bhfuil a dteaghlaigh fós faoi bhuairt de bharr a mbás."

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 17 Bealtaine 2016