Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan i gceannas ar mhisean trádála Fhiontraíocht Éireann chuig Réigiún na Murascaille

Minister Charles Flanagan, Trádáil, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2016

An tAire Flanagan i gceannas ar mhisean trádála Fhiontraíocht Éireann chuig Réigiún na Murascaille

Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, in Abú Daibí inniu (Dé Luain) ar an dara lá de chuairt trí lá ar réigiún na Murascaille, agus é i gceannas ar mhisean trádála de chuid Fhiontraíocht Éireann.

Inné, i Riyadh, thionóil an tAire Flanagan sraith cruinnithe déthaobhacha, le hAire Tráchtála agus Infheistíochtaí na hAraibe Sádaí, an Dr Majid Bin Abdullah al Qassabi, agus le hAirí Stáit na tíre sin do Ghnóthaí Eachtracha agus don Oideachas.

Ghlac an tAire páirt freisin i roinnt imeachtaí tráchtála chun tacú le cuideachtaí Éireannacha.

Dúirt an tAire Flanagan:

"Ag na cruinnithe a bhí agam san Araib Shádach, pléadh saincheisteanna réigiúnacha éagsúla, lena n-áirítear Próiseas Síochána an Mheánoirthir nach bhfuil ag éirí leis faoi láthair, na coinbhleachtaí in Éimin agus sa tSiria agus an dochar a dhéanann na coinbhleachtaí sin do shibhialtaigh sa dá thír. Is nithe iad sin is cúram le muintir na hÉireann.

"Leis an tAire Stáit don Oideachas, bhí an deis agam a chur faoi chaibidil go bhféadfaí cur le líon na mac léinn ón Araib Shádach a thagann chun staidéar a dhéanamh in Ollscoileanna agus Institiúidí Teicneolaíochta ar fud na tíre seo.

"Is mór agam an deis cuideachtaí Éireannacha den chéad scoth a fheiceáil ag obair, agus tacaíocht a thabhairt dóibh ina gcuid iarrachtaí gnó nua a spreagadh, rud a chothóidh poist sa bhaile.

"Is tráthúil an chuairt í seo ós rud é go bhfágann sí an deis agam teachtaireachtaí soiléire a chur in iúl do chomhpháirtithe tábhachtacha i réigiún na Murascaille faoi sheasamh na hÉireann tar éis an vóta sa Ríocht Aontaithe go bhfágfaidh an tír sin an tAontas Eorpach. Dúirt mé go soiléir go mbeidh Éire fós ina ball láidir, gníomhach den Aontas."

Inniu, in Abú Daibí, casfaidh an tAire le hAire Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha do Ghnóthaí Eachtracha, Sheikh Abdullah Bin Zayed Al Nahyan, agus le hAire Oideachais na tíre sin, Hussain Ibrahim al Hammadi. Beidh cruinniú aige freisin le Cumann Lucht Tráchtála agus Tionscail Abú Daibí.

Críoch
An Phreasoifig
14 Samhain 2016