Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire McHugh ag cur tús lena chuairt ar an gCéinia

Cúnamh Éireann, Minister Joe McHugh, Preas Ráiteas, An Afraic, 2016

Tá Joe McHugh TD, an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, ag cur tús inniu le cuairt ceithre lá ar an gCéinia, an chéad chuairt fhoirmiúil a thug Aire Rialtais ar an tír sin ó athosclaíodh Ambasáid na hÉireann in Nairobi i mí Dheireadh Fómhair 2014.

Le linn a chuairte, beidh an tAire ag díriú ar fhorbairt an chaidrimh pholaitiúil, trádála agus gheilleagraigh leis an gCéinia. Feicfidh sé an obair ar an láthair a dhéanann eagraíochtaí neamhrialtasacha forbartha na hÉireann atá á gcistiú faoi chlár cúnaimh an Rialtais, Cúnamh Éireann. Glacfaidh sé páirt freisin i sraith cruinnithe maidir le réiteach coinbhleachta agus cosc coinbhleachta, agus beidh sé ag taisteal go dtí Contae Samburu i dTuaisceart na Céinia chun féachaint ar an obair a dhéantar in Ionad Shalom ar an idirghabháil i ndáil le coinbhleachtaí idir-eitneacha. Beidh an tAire ag glacadh páirte freisin sa chomhdháil idirnáisiúnta ar an gComhpháirtíocht Dhomhanda maidir le Comhar Éifeachtach um Fhorbairt, atá á reáchtáil ag Rialtas na Céinia. Ina theannta sin, buailfidh sé leis an bpobal láidir Éireannach sa Chéinia, lena n-áirítear na misinéirí Éireannacha, agus seolfaidh sé taispeántas ina leagfar béim ar an gcion atá déanta ag diaspóra na hÉireann ar mhaithe leis an gCéinia agus a muintir le 100 bliain anuas.

Tagann an chuairt sna sála ar chruinniú Airí Forbartha an Aontais Eorpaigh faoin gComhairle Gnóthaí Eachtracha sa Bhruiséil ar an 28 Samhain, tráth a labhair an tAire McHugh ar an athbhreithniú ar an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, ar a bhfuil i ndán don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, chomh maith lena bhfuil bainte amach ó tionóladh Cruinniú Mullaigh Imirce AE-na hAfraice bliain ó shin in Valletta.

Ag labhairt dó in Nairobi ar maidin, dúirt an tAire McHugh:

"Is cúis áthais dom é ceiliúradh a dhéanamh ar athoscailt Ambasáid na hÉireann sa Chéinia trí dhíriú, sna laethanta amach romhainn, ar an neartú ar an gcaidreamh polaitiúil agus geilleagrach eadrainn agus trí bheith ag obair ar an acmhainneacht le haghaidh comhar breise agus naisc bhreise idir Éire agus an Chéinia. Ba mhaith liom breathnú go háirithe ar an obair mhór atá déanta ag misinéirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha Éireannacha thar na blianta sa Chéinia agus sa réigiún máguaird, agus tuilleadh a fhoghlaim faoi na deiseanna chun cion láidir Éireannach a fhorbairt i dtaobh réiteach coinbhleachta, ag tarraingt ar cheachtanna ónár dtaithí féin in Éirinn agus san Afraic. Beidh mé ag déanamh obair leantach i dtaobh an phlé a bhí agam le déanaí ag Clár Cliniciúil Caibidlíochta agus Idirghabhála Harvard, agus táim ag tnúth le cuairt a thabhairt ar Ionad Shalom um Réiteach Coinbhleachta agus Athmhuintearas, atá faoi cheannas an Athar Patrick Devine, fear a rugadh i Ros Comáin.

Sa phlé a bhí agam inné sa Bhruiséil ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, cuireadh leis an tuiscint atá agam ar an ról fíorthábhachtach nach mór a bheith ag an Eoraip, sna saolta seo ina bhfuil an neamhchinnteacht go mór i réim, chun neartú a dhéanamh ar ár gcomhpháirtíocht pholaitiúil, gheilleagrach agus forbartha leis an Afraic do na blianta amach romhainn".

CRÍOCH
An Phreasoifig
28 Samhain 2016