Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Imleabhar X sa tSraith 'Documents on Irish Foreign Policy' á sheoladh ag an Aire Flanagan

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Éireann, 2016

Inniu sheol an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charles Flanagan, TD, Imleabhar X sa tsraith Documents on Irish Foreign Policy, arna hullmhú ag Acadamh Ríoga na hÉireann, lena gclúdaítear an tréimhse idir Meitheamh 1951 agus Márta 1957.

"Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh le hAcadamh Ríoga na hÉireann ar fhoilsiú Imleabhar X sa tsraith 'Documents on Irish Foreign Policy'. Acmhainn ríthábhachtach is ea doiciméid na sraithe seo do dhuine ar bith ar spéis leis nó léi stair na hÉireann agus múnlú bheartas eachtrach na hÉireann.

San Imleabhar is nuaí den tsraith ghradamach seo, clúdaítear tréimhse inar tháinig athruithe móra ar bheartas eachtrach na hÉireann agus ar ionad na hÉireann i measc na náisiún. Tá léargas den scoth tugtha ag na heagarthóirí dúinn ar an tslí inar ghlac Éire a hionad arís de réir a chéile i measc an phobail idirnáisiúnta, tar éis di seasamh a bheith aici in 1951 a léirigh easpa rannpháirtíochta. Is mór mar a chuaigh ár mballraíocht sna Náisiúin Aontaithe ó mhí na Nollag 1955 i leith agus ár mballraíocht san Aontas Eorpach i bhfeidhm ar bheartas eachtrach na hÉireann sna blianta ina dhiaidh sin. Is ón tréimhse sin a eascraíonn a lán de na luachanna is bonn leis an gcur chuige atá againn anois, amhail an tiomantas atá againn do chearta an duine, tacaíocht don iltaobhachas agus cothú na cothroime."

CRÍOCH
An Phreasoifig
24 Samhain 2016

Nóta d'Eagarthóirí

Fógraíodh an tsraith Documents on Irish Foreign Policy i bPáipéar Bán na bliana 1996 maidir le beartas eachtrach na hÉireann, Challenges and opportunities abroad. Bunaíodh an tionscadal in 1997 mar chomhpháirtíocht idir Acadamh Ríoga na hÉireann, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cartlann Náisiúnta na hÉireann.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair i ndlúthpháirt le hAcadamh Ríoga na hÉireann ar an tionscadal Documents on Irish Foreign Policy ó cuireadh tús leis in 1997. Tacaíonn an Chartlann Náisiúnta leis an tionscadal freisin. Tá naoi n-imleabhar eile, lena gclúdaítear an tréimhse idir 1919 agus 1951, foilsithe go dtí seo.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le Documents on Irish Foreign Policy a fháil ó:

An Dr Michael Kennedy
Documents on Irish Foreign Policy
Acadamh Ríoga na hÉireann
19 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 407 2310
Fón póca: 087 236 5104
Ríomhphost: m.kennedy@ria.ie
Gréasán: www.difp.ie
Twitter: @DIFP_RIA