Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cainteanna déthaobhacha ar bun ag an Aire Flanagan le Státrúnaí na Stát Aontaithe

Minister Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Caidreamh Taidhleoireachta, Preas Ráiteas, Éireann, Meiriceá Thuaidh, Tuaisceart Éireann, 2016

Cainteanna déthaobhacha ar bun ag an Aire Flanagan le Státrúnaí na Stát Aontaithe, John Kerry

Bhuail an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan, maidin inniu (Dé Domhnaigh) le Státrúnaí na Stát Aontaithe, John Kerry. I ndiaidh an chruinnithe eatarthu, dúirt an tAire Flanagan:

"Bhí áthas orm an deis seo a bheith agam inniu fáilte a chur roimh an Státrúnaí John Kerry go hÉirinn – agus go háirithe go Tiobraid Árann – chun glacadh le Duais Síochána Idirnáisiúnta Thiobraid Árann.

"Cuireadh a ainm inniu le liosta fada buaiteoirí ardghradamacha, a n-áirítear ina measc Nelson Mandela, Mikhail Gorbachev, George Mitchell, Bill Clinton, Benazir Bhutto, Máire Mhic Giolla Íosa agus, le déanaí, Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ban Ki-moon.

"Tá seirbhís den scoth tugtha ag an Rúnaí Kerry a théann siar tríocha bliain agus níos faide. D'fhóin sé go dearscnaitheach ar leibhéal an stáit, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal idirnáisiúnta.

"Ag an gcruinniú eadrainn ar maidin phléamar roinnt ceisteanna, idir dhéthaobhach agus idirnáisiúnta.

"Thug mé an scéala is déanaí don Rúnaí Kerry faoi mar atá ag éirí le Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, atá ina thosaíocht thábhachtach ag an Rialtas. Thapaigh mé an deis chun mo bhuíochas a ghabháil leis an Státrúnaí as a thiomantas pearsanta don phróiseas síochána agus athmhuintearais ar an oileán seo.

"I gcuideachta an Rúnaí Kerry ar maidin bhí an Seanadóir Gary Hart, a Thoscaire Speisialta do Thuaisceart Éireann. Le ceapachán an tSeanadóra Hart, léirítear arís eile tiomantas na Stát Aontaithe don Phróiseas Síochána. Is mór againn a gcúnamh. Bhí plé agam leis an Seanadóir Hart an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis as a dhúthracht, a chuid scileanna agus a chumas léargais ina cháil mar Thoscaire Speisialta.

"Maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Eoraip, phléamar go bhfuil sé i gceist ag an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach. Leanfaidh Éire ar aghaidh ag obair i ndlúthpháirt lenár gcomhpháirtithe san AE agus leis an Ríocht Aontaithe maidir leis sin. Tá Éire fós ina ball tiomanta den AE, agus ba mhaith linn caidreamh chomh dlúth agus is féidir a bheith idir an Ríocht Aontaithe agus an AE amach anseo.

"Bhí an deis againn freisin roinnt ábhar déthaobhach eile a phlé, lena n-áirítear athchóiriú na hinimirce. Toisc go mbíodh sé ina Sheanadóir do Massachusetts, is maith mar is eol don Rúnaí Kerry na fadhbanna a bhíonn ag Éireannaigh gan cáipéisí inimirce, lena n-áirítear gan a bheith in ann freastal ar ócáidí tábhachtacha teaghlaigh. Níl ról díreach ag an Rúnaí Kerry maidir le hathchóiriú inimirce, ach tapaíonn an Rialtas gach deis chun an cheist a ardú le húdaráis na Stát Aontaithe. Is mór againn na hiarrachtaí a rinne an tUachtarán Obama agus a Lucht Riaracháin i rith a thréimhse oifige, agus áirímid leo an obair a rinne an tAmbasadóir O'Malley anseo in Éirinn. Leanfaidh an Rialtas leis an dá chur chuige atá againn i ndáil le hathchóiriú inimirce agus muid ag iarraidh ceist na nÉireannach gan cáipéisí inimirce a réiteach agus cuóta ar leith a bheith leagtha síos don inimirce dhleathach ó Éirinn.

"Phléigh mé féin agus an Rúnaí Kerry roinnt ceisteanna idirnáisiúnta, go háirithe cás uafásach na Siria. Léirigh an Státrúnaí tiomantas ollmhór don obair chun réiteach a fháil ar an gcoinbhleacht sa tSiria. Gheall mé dó go dtugann Éire tacaíocht gan staonadh dá chuid iarrachtaí teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht léanmhar sin."

CRÍOCH
An Phreasoifig,
an 30 Deireadh Fómhair, 2016