Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Aitheasc ón Aire Flanagan do Sheanad Éireann faoin mBreatimeacht

Minister Charles Flanagan, Caidreamh Idirnáisiúnta, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Éireann, An Eoraip, Tuaisceart Éireann, 2016

Leagann an tAire amach cur chuige an Rialtais; tugann sé aghaidh ar na tuairimí le déanaí ó Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe; leagann sé amach pleananna maidir le hIdirphlé Saoránach uile-oileáin; agus leagann sé amach gníomhaíocht na Roinne i dtaobh an Trádáil a chur chun cinn

Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, leis an Seanad inniu (Dé Céadaoin) faoin mBreatimeacht, agus rinne sé cur síos ar chur chuige an Rialtais i leith leasanna straitéiseacha na hÉireann a chosaint.

Dhiúltaigh an tAire d'éileamh ar Aire Breatimeachta, agus rinne sé cur síos ar chur chuige an Rialtais. Dúirt sé:

"Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun labhairt faoin éileamh ó roinnt daoine i measc an Fhreasúra ar 'Aire Breatimeachta'. Is é mo thuairim féin, bunaithe ar mo thaithí fhairsing ar ghnóthaí an AE, gur dearmad a bheadh ann Aire Breatimeachta a cheapadh. Cén fáth? Bhuel ar an gcéad dul síos, tá Éire agus an AE chomh comhtháite – agus caidreamh chomh dlúth idir Éire agus an Ríocht Aontaithe – go mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht ar gach uile Roinn – agus ní mór do gach uile Roinn dul i ngleic leis an mBreatimeacht agus a héifeachtaí a mhaolú.

"Cuir sa mheá gurb amhlaidh, ar an leibhéal polaitiúil, gurb í an Chomhairle Eorpach, dá bhfuil an Taoiseach ina chomhalta, a leagfaidh síos treo polaitiúil na caibidlíochta. Ina dhiaidh sin beidh an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gCoiste Comh-aireachta ar an mBreatimeacht a dhéanann maoirseacht ar fhreagairt an rialtais, agus an obair á comhordú ar fud an rialtais aige.

"I mo cháil mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, beidh mé ag obair i ndlúthpháirt leis an Taoiseach agus le gach duine de na hAirí eile. Tá ról ar leith ag mo Roinn féin maidir le comhordú a dhéanamh ar an bhfreagra uainn ar an mBreatimeacht. Mar is eol daoibh, bíonn mo Roinnse seasta i mbun dlúthpháirtíochta ar fud an rialtais i ngach réimse beartais a mbaineann gné idirnáisiúnta nó gné Thuaidh-Theas leis.

"Agus, ar ndóigh, tá ról ríthábhachtach le himirt ag an líonra 80 misean atá ag obair faoi choimirce na Roinne Gnóthaí Eachtracha, ní hamháin laistigh den AE maidir le straitéis an AE ach lasmuigh de ó thaobh ár leasanna trádála níos leithne agus ár leasanna déthaobhacha eile. I ndáil leis sin, beidh ról tábhachtach ag na misin i bpríomhchathracha tábhachtacha, an Bhruiséil agus Londain ina measc.

Rinne an tAire cur síos ar chuid den obair atá ar siúl ar leibhéal an AE agus ar an gcuairt a thabharfaidh Michel Barnier ar Bhaile Átha Cliath sula i bhfad.

"Ba mhaith liom an scéala is nuaí a thabhairt daoibh freisin faoi chuid de na gníomhaíochtaí atá ar siúl ar leibhéal an AE, áit a bhfuil céimeanna praiticiúla á nglacadh ag na hInstitiúidí freisin chun déileáil leis na dúshláin atá romhainn. Tá Tascfhórsa Breatimeachta bunaithe ag Rúnaíocht Chomhairle an AE, faoi stiúir Didier Seeuws, iarCheann Foirne don té a bhí ina Uachtarán ar an gComhairle Eorpach roimhe seo, Herman Van Rompuy. Cheap an Coimisiún Eorpach Michel Barnier, iarAire de chuid na Fraince agus iarChoimisinéir de chuid an AE, mar a phríomhchaibidleoir i dtaobh na Breatimeachta. Agus tá iarPhríomh-Aire na Beilge, Guy Verhofstadt, ainmnithe mar phríomhchaibidleoir Pharlaimint na hEorpa i dtaobh na Breatimeachta. Táim ag súil leis an Uasal Barnier i mBaile Átha Cliath go luath agus táim ag tnúth le dul i gcomhairle leis.

Ag tabhairt dá aire na hathruithe móra atá tagtha ar an gComh-aireacht sa Ríocht Aontaithe, dúirt an tAire Flanagan:

"Sa Ríocht Aontaithe, tá Príomh-Aire nua againn – a raibh cruinniú foirmiúil ag an Rialtas léi agus ar bhuail mé féin léi ar ócáid neamhfhoirmiúil – agus mór-athruithe ar an gComh-aireacht, lena n-áirítear roinnt aireachtaí nua. Bhí mé i mbun plé cheana féin leis an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Johnson agus le David Davis, an Státrúnaí um Scor den AE – mar aon le James Brokenshire, an Státrúnaí do Thuaisceart Éireann.

"Is mian linn go léir cosaint a thabhairt don teorainn dhofheicthe, don Chomhlimistéar Taistil agus don chaidreamh láidir atá eadrainn i dtaobh na trádála déthaobhaí – agus anois tá dúshlán romhainn i ndáil lena chinntiú gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach i gcomhthéacs an chaidrimh a bheidh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach amach anseo."

Níos faide anonn san aitheasc uaidh, thug sé aghaidh ar na ráitis is déanaí ó Theresa May, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe:

"Cén áit go díreach a bhfuilimid anois? Le cúpla lá anuas tá soiléireacht éigin faighte againn faoin gcreat ama a bheidh againn. Is dearfach an rud é nach bhfuil aon éiginnteacht ann a thuilleadh i dtaobh an dáta faoina ndéanfar Airteagal 50 a agairt (deireadh mhí an Mhárta 2017), rud a chuireann tús le próiseas na caibidlíochta. Bhí sé sin ag teacht leis an méid a raibh súil againn leis agus leis an teagmháil fhorleathann idir muid féin agus an Ríocht Aontaithe agus comhpháirtithe eile dár gcuid san AE.

"Is é seasamh aontaithe an AE go fóill nach féidir caibidlíocht ar bith a bheith ann go dtí go mbeidh fógra tugtha faoi Airteagal 50. Táimid ag cloí leis an gcur chuige sin, ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir linn dul i mbun plé chun iniúchadh a dhéanamh ar na saincheisteanna tábhachtacha déthaobhacha a chaithfear a shocrú.

"D'fhágfadh sé sin go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas in earrach na bliana 2019. Mar sin féin, ní léir fós conas ná cén uair a thosófar ar an gcaibidlíocht faoin gcaidreamh amach anseo idir an AE agus an Ríocht Aontaithe. Ó thaobh na hÉireann, ba mhaith linn an caidreamh sin a bheith láidir agus dearfach. Creidim gur sprioc é sin ar chóir dúinn go léir, san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe, a bheith tiomanta dó.

"Mar sin féin, tugtar le fios sa mhéid a dúirt an Príomh-Aire nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ag lorg an rud ar a dtugtar "Breatimeacht bhog" faoina mbeadh sí ag iarraidh caidreamh a chothú leis an AE cosúil leis an gcaidreamh idir é féin agus an Iorua nó an Eilvéis. Ní bheadh sé sin ag teacht le rialuithe maidir le saorghluaiseacht daoine, a bhfuil an chuma air gur bunchloch dá seasamh é agus atá ag teacht salach ar mhian an AE nach bhféadfar na ceithre shaoirse is bonn leis an Margadh Aonair a dheighilt óna chéile.

"Tuigim na tosca is bun le cur chuige an Phríomh-Aire, cé gur léir nach bhfuil sé ag teacht leis an gcur chuige is mian linn féin a fheiceáil agus go mbeidh dúshláin le sárú ag gach taobh dá bharr. É sin ráite, fágann coincheap réasúnta ginearálta na "Breatimeachta crua" go bhféadfadh réimse torthaí éagsúla a bheith ar phríomhcheisteanna agus ní mór iadsan a mhionchíoradh. Is í an Ríocht Aontaithe féin a chaithfidh é sin a dhéanamh ar dtús, agus ansin caithfear tabhairt faoi sa phróiseas caibidlíochta. Beimid ag obair go gníomhach lena chinntiú go mbainfear amach an toradh is fearr d'Éirinn agus don AE ina iomláine, agus go háirithe lena chinntiú, mar a dúirt mé níos luaithe, go dtabharfar an chosaint is fearr is féidir do na gnéithe is cúis imní dúinn féin."

Rinne an tAire Flanagan cur síos ar phleananna le haghaidh Idirphlé Saoránach uile-oileáin, a d'aontaigh an Chomh-aireacht inné (Dé Máirt):

"Tar éis dom a bheith ag labhairt faoin ngeilleagar agus faoi Thuaisceart Éireann, is maith mar is eol dom go bhfuil gá leis an gcomhrá is leithne is féidir faoi na himpleachtaí a bhaineann le toradh an reifrinn d'Éirinn, idir Thuaidh agus Theas, agus don chaidreamh idir an Tuaisceart agus an Deisceart. Tá go leor eagraíochtaí agus daoine aonair ar fud oileán na hÉireann nach mór deis cheart a thabhairt dóibh i dtaobh labhairt amach. Is chun leasa gach duine é sin.

"Tá áthas orm gur cheadaigh an Rialtas moladh inné go ndéanfaidh an Taoiseach Idirphlé Saoránach uile-oileáin a thionól ar an mBreatimeacht. Beidh an deis ann ag an imeacht chun éisteacht le guthanna na ndaoine a ndeachaigh an vóta i bhfeidhm orthu, ar bhonn díreach agus trína ngrúpaí ionadaíocha araon. Beidh sé ina dheis freisin chun féachaint go grinn ar na dúshláin a chruthóidh an Bhreatimeacht agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar ghnéithe éagsúla den tsochaí agus den gheilleagar ar bhonn uile-oileáin. Is é an príomhthoradh a bheidh ar an idirphlé ná tuarascáil agus moltaí a mbainfear leas astu chun cuidiú le bonn eolais a chur faoi sheasamh an Rialtais maidir le saincheisteanna a bhaineann le caibidlíocht scoir na Ríochta Aontaithe.

"Táthar ag ullmhú i gcomhair Comhdháil lae i mBaile Átha Cliath ar an 2 Samhain agus is gearr go seolfar cuirí chuig réimse leathan de ghrúpaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn, grúpaí gnó agus eagraíochtaí neamhrialtasacha chomh maith le hionadaithe na bpríomhpháirtithe polaitíochta ar an oileán."

Rinne an tAire Flanagan cur síos ar an cur chuige atá aige ina cháil mar Aire Trádála:

"Nuair a ceapadh sa ról seo mé, bhí an Chomhairle Trádála Easpórtála bunaithe cheana féin. Cuimsítear sa Chomhairle Airí sinsearacha atá dírithe ar chúrsaí geilleagracha, ceannairí na ngníomhaireachtaí Stáit a bhíonn ag cur chun cinn na trádála, na turasóireachta, na hinfheistíochta agus an oideachais thar lear le tacaíocht ó líonra na nAmbasáidí, agus comhaltaí ón earnáil phríobháideach.

"Fóram luachmhar is ea í. Sa tréimhse roimh an reifreann d'éascaigh sí do phlé úsáideach idir an Rialtas, ár nGníomhaireachtaí Stáit agus an earnáil phríobháideach. Tá an plé sin eadrainn fós ar bun. Táimid ag féachaint freisin, i gcomhar le GFT Éireann agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann i measc eile, ar dheiseanna a d'fhéadfadh a bheith le tapú ag Éirinn de bharr na Breatimeachta.

"Is maith mar is eol dúinn go léir an tábhacht a bhaineann le margadh na Ríochta Aontaithe d'onnmhaireoirí na hÉireann. Tá sé ar intinn agam díriú isteach ar mhargaí eile, i ngar is i gcéin. Creidim gur féidir linn dul i bhfód i bhfad níos mó ar an margadh i mballstáit eile de chuid an AE agus táim dírithe ar an méid sin. Ach táimid ag féachaint níos faide anonn ná teorainneacha na hEorpa freisin. Mar shampla, beidh an chéad chruinniú eile den Chomhairle Trádála Easpórtála ag díriú ar réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin. Tá mé díreach tagtha ar ais ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe áit a raibh sraith cruinnithe déthaobhacha agam le tíortha ó Chríocha Mheiriceá, ón Áise agus ó na Fritíortha. Luaigh mé go tréan go mbeidh Éire fós i gcroílár na hEorpa; beimid fós inár mbealach isteach – ina labhraítear Béarla – chuig margadh ina bhfuil 500 milliún duine; beidh timpeallacht atá báúil don ghnó fós á cothú anseo agus beidh oibrithe cumasacha, inoiriúnaithe fós ar fáil. Chuaigh mé i mbun sraith cruinnithe den chineál céanna ag Cruinniú Mullaigh na hÁise agus an hEorpa sa Mhongóil i mí Iúil. Glacaim gach deis chun Éire a chur chun cinn mar thír chun infheistíocht a dhéanamh inti agus chun dul i mbun trádála léi, agus tá sé i gceist agam sraith cruinnithe trádála a bheith agam san AE, sa Mhurascaill, agus níos faide ó bhaile san Áise sna seachtainí atá amach romhainn.

"I mí Eanáir na bliana seo, sheol mé Straitéis Taidhleoireachta Geilleagraí lena bhféachtar chun tógáil ar an gcomhdhlúthú ar ról trádála na Roinne le blianta beaga anuas trí líonra Ataiséanna Tráchtála as na tíortha féin a bhunú chun cur le raon agus tionchar ghníomhaíochtaí na nAmbasáidí ar mhaithe leis an trádáil. Sna míonna amach romhainn ceapfar Ataiséanna Tráchtála i Meicsiceo, Brasilia, Buenos Aires, Búcairist, agus Iacárta – áiteanna ina bhfuil deiseanna geilleagracha le tapú agus iad gan gníomhaireacht Stáit ar bith ar an láthair, nó gan ach láithreacht bheag ag an tír seo iontu."

Críoch