Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Beidh an tAire Flanagan ag bualadh le Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann, i mBaile Átha Cliath

Minister Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Caidreamh Idirnáisiúnta, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, Éireann, An Bhreatain Mhór, 2016

Beidh an tAire Flanagan ag bualadh le James Brokenshire, Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann, i mBaile Átha Cliath ar an Máirt an 13 Meán Fómhair

– I rith na Cuairte síneofar an Comhaontú maidir le fáil réidh leis an bparaimíleatachas agus dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe
– Beidh an tAire á rá arís gur gá do Rialtas na Breataine aghaidh a thabhairt ar an Rún Dála Uile-Pháirtí ar bhuamáil Bhaile Átha Cliath-Mhuineacháin

Inniu beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire MP, ag síniú comhaontú idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine.

Faoin gComhaontú bunófar an Coimisiún Neamhspleách um Thuairisciú, a mbeidh ról tábhachtach aige i dtaobh na hoibre chun deireadh a chur le hiarsmaí deiridh an pharaimíleatachais i dTuaisceart Éireann.

Beidh an tAire agus an Státrúnaí i mbun cainteanna freisin faoi shaincheisteanna éagsúla a bhaineann le Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear an géarghá teacht ar chomhaontú maidir leis na hinstitiúidí a bheidh ag déileáil le hoidhreacht an ama atá thart agus maidir leis na dúshláin a bhaineann le himeacht na Ríochta Aontaithe as an AE.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Flanagan:

"Táim ag tnúth le bualadh le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire MP, ar a chéad chuairt oifigiúil ar Bhaile Átha Cliath agus le tógáil ar an teagmháil dhearfach a bhí eadrainn go dtí seo.

"Is lá mór eile é seo do Thuaisceart Éireann mar beidh an comhaontú idirnáisiúnta lena mbunófar an Coimisiún Neamhspleách um Thuairisciú á shíniú againn thar ceann ár gcuid rialtas faoi seach. Is céim thábhachtach é sin i dtaobh feidhmiú a dhéanamh ar fhorálacha an Chomhaontaithe um Thús Nua chun deireadh a chur leis an bparaimíleatachas agus dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe.

"Le linn na gcainteanna eadrainn, beidh muid ag plé na hoibre tábhachtaí maidir le déileáil le hoidhreacht an ama atá caite. Mar chuid de sin pléifear conas is féidir dlús a chur faoi na hiarrachtaí atá fós ar bun chun teacht ar chomhaontú maidir le hInstitiúidí Theach Stormont a bhunú agus iad a thabhairt chun críche go rathúil.

"Déarfaidh mé arís leis an Rúnaí Stáit gur gá aghaidh a thabhairt ar an Rún Dála Uile-Pháirtí ar bhuamáil Bhaile Átha Cliath-Mhuineacháin.

"Ós iad comhráthóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine ar aghaidh ag obair le chéile le meon na comhpháirtíochta chun gealltanas iomlán an chomhaontaithe sin agus comhaontuithe ina dhiaidh sin a chomhlíonadh.

"Ar ndóigh, beidh muid ag leanúint lenár bplé freisin ar na himpleachtaí a bheidh ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE i leith Thuaisceart Éireann."

CRÍOCH
An Phreasoifig
13 Meán Fómhair

 

Nótaí d'Eagarthóirí: