Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáilte á cur ag an Aire roimh rialacháin foirgníochta nua ó thug balcóin uaithi i mBerkeley

Minister Charles Flanagan, Consalachta, Cúnamh Éireann, Minister Joe McHugh, Preas Ráiteas, Éireann, Meiriceá Thuaidh, 2016

Fáilte á cur ag an Aire Flanagan roimh rialacháin foirgníochta nua i gCalifornia ó thug balcóin uaithi i mBerkeley

Moladh á thabhairt ag an Aire Flanagan don abhcóideacht a rinne na daoine ar ghoill tabhairt uaithi balcóin i mBerkeley orthu tar éis athruithe ar an dlí i gCalifornia ionas nach dtarlóidh tragóidí feasta

- D'fhreastail an tAire Stáit McHugh ar an searmanas sínithe

Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., roimh ghlacadh dlí nua ag Stát Chalifornia inniu atá dírithe ar a chinntiú nach dtarlóidh tragóidí eile amhail an tubaiste inar maraíodh seisear mac léinn Éireannach agus inar gortaíodh go dona seachtar eile i mBerkeley i Meitheamh na bliana 2015.

Ag labhairt dó tar éis gur shínigh Gobharnóir California, Jerry Brown, na bearta sin ina ndlí, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá glacadh an dlí nua seo ina theist i leith na habhcóideachta gan staonadh a rinne na daoine ar ghoill tubaiste uafásach na balcóine i mBerkeley go díreach orthu, tubaiste inar maraíodh agus ar gortaíodh roinnt mac léinn Éireannach níos mó ná bliain ó shin.

"Ní bheadh an t-athrú seo déanta ar an dlí – athrú atá dírithe ar chaighdeáin a ardú d'fhonn a chinntiú nach dtarlóidh timpistí as seo amach – murach an brú a chuir siad i bhfeidhm agus an fhianaise chróga a thug siad le linn an phróisis fhada reachtaigh.

"Is iad a gcuid iarrachtaí gan staonadh agus an pháirt a ghlac siad – faoi stiúir Jackie Donohoe agus le cúnamh ó Chonsalacht na hÉireann i San Francisco – a rinne difríocht ríthábhachtach maidir le dul i ngleic leo siúd a chuir i gcoinne na n-athruithe agus maidir lena chinntiú go bhfaighfí tacaíocht d'aon toil ón dá theach de chuid reachtas Stát California.

"Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hionadaithe poiblí California – go háirithe an Seanadóir Jerry Hill agus an Seanadóir Lonnie Hancock a sheas leis an mBille, agus le comhaltaí Chácas Éireannach an reachtais stát – ar bhuail na teaghlaigh agus mé féin leo nuair a thug siad cuairt ar Éirinn i mí Iúil – as ucht na tacaíochta uathu. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a ghabháil leis an nGobharnóir Brown as an mBille a shíniú ina dhlí gan mhoill.

"Níl sa reachtaíocht ach céim amháin i bpróiseas níos leithne lena bhfuil súil ag rialtas na hÉireann go gcinnteofar nach mbeidh teaghlach ar bith eile buailte ag leithéid an chaillteanais agus na ngortuithe a d'fhulaing mic léinn dár gcuid, a dteaghlaigh agus a gcairde i mBerkeley bliain ó shin.

"Is iontach go deo an tacaíocht agus an cairdeas atá á dtabhairt ag muintir California, agus go háirithe ag an bpobal láidir Éireannach ansin, do na teaghlaigh a buaileadh. Tá súil agam go leanfaidh stáit agus tíortha eile sampla California i ndáil le caighdeáin fheabhsaithe a chur i bhfeidhm chun beatha daoine a chosaint."

D'fhreastail an tAire Stáit McHugh ar an searmanas sínithe. Dúirt sé:

"Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leo siúd go léir a bhfuil baint acu le síniú an Bhille seo, Bille an-tábhachtach atá dírithe ar a chinntiú go mbeidh caighdeáin foirgníochta níos airde i bhfeidhm d'fhonn a chinntiú nach dtarlóidh leithéid thitim thubaisteach na balcóine anuraidh go brách arís. Go háirithe, molaim go mór an misneach a léirigh teaghlaigh na ndaoine a gortaíodh nó a fuair bás, dream nár ní leo a leas féin, agus iad ag streachailt ar son an toraidh seo. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil leis an nGobharnóir Brown agus an Seanadóir Hill agus an Seanadóir Lancock as ucht na hoibre a rinne siad lena chinntiú go bhfuil an píosa tábhachtach reachtaíochta seo i bhfeidhm anois."

CRÍOCH
An Phreasoifig
15 Meán Fómhair 2016

Nótaí d'eagarthóirí:

Bille is ea SB 465 a ghlac reachtas California mar chéad chéim i dtreo caighdeáin foirgníochta níos láidre, cigireachtaí éigeantacha agus oiliúint caighdeánaithe ar chigirí foirgníochta a chur i bhfeidhm maidir le balcóin agus struchtúir den sórt sin. Tá sé ina chéad chéim freisin i ndáil le heolas a bhailiú maidir le socraíochtaí roimhe seo i gcásanna ina raibh faillí ar chonraitheoirí agus ar thógálaithe.
Is í Jackie Donohoe, a bhfuil cónaí uirthi sna Stáit Aontaithe, máthair Ashley Donohoe, a maraíodh in éineacht lena col ceathrar, Olivia Burke, nuair a thug an bhalcóin uaithi i mBerkeley. Ba iad na daoine eile a fuair bás Eoghan Culligan, Lorcán Miller, Niccolai Schuster agus Eimear Walsh. Is iad na seachtar mac léinn a gortaíodh go dona Aoife Beary, Clodagh Cogley, Sean Fahy, Conor Flynn, Jack Halpin, Niall Murray agus Hannah Waters.