Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáilte á cur ag an Aire roimh an toradh ón gComhairle Eorpach

An tAontas Eorpach, Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Eoraip, 2017

Ag labhairt dó ón gcruinniú d'Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh i Málta, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá áthas orm go bhfuil sé ina thoradh ar dhian-rannpháirtíocht an Rialtais lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach go bhfuil cúiseanna imní na hÉireann á léiriú go soiléir i seasamh an Aontais Eorpaigh don chaibidlíocht ar an mBreatimeacht atá romhainn, seasamh a ghlac an Chomhairle Eorpach inniu. Is mór agam an dlúthpháirtíocht agus an tuiscint a léirigh ár gcomhpháirtithe maidir leis na ceisteanna agus na tosaíochtaí a bhaineann go sonrach le hÉirinn agus táim ag tnúth le leanúint leis an dlúthchomhar ina dtaobh sin, mar aon le cuspóirí níos leithne an Aontais trí chéile, agus an chaibidlíocht ríthábhachtach seo leis an Ríocht Aontaithe á cur ar bun.

Cuirim fáilte mhór roimh an aitheantas an-láidir atá tugtha sna Treoirlínte atá glactha inniu ag an gComhairle Eorpach d'imthosca ar leith oileán na hÉireann. Leis an aitheantas sainráite ón gComhairle ar an tábhacht a bhaineann le caomhnú éachtaí, shochair agus ghealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta ina iomláine, léirítear tacaíocht leanúnach an Aontais Eorpaigh do phróiseas na síochána.

Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, glactar go follasach leis go bhfuil Tuaisceart Éireann ina chuid den Ríocht Aontaithe agus gur faoi mhuintir Thuaisceart Éireann atá sé cinntí a dhéanamh maidir lena stádas bunreachtúil. Ní fhéadfaí Éire aontaithe a bhaint amach ach amháin trí mhodhanna síochánta le toiliú thromlach na ndaoine sa dá dhlínse ar an oileán, agus an toiliú sin á chur in iúl go daonlathach.

Sa ráiteas a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach inniu, ní dhéantar ach an fhírinne sin a aithint agus dearbhaítear ann gurb amhlaidh, i gcás Éire aontaithe, go mbeadh críoch iomlán na hÉireann aontaithe sin ina cuid den Aontas Eorpach faoin dlí. D'iarr an Rialtas an t-aitheantas sin, ar ráiteas é ar na fíorais dlí, chun athdhearbhú a thabhairt go bhfuil sláine na gné tábhachtaí sin den Chomhaontú slán, beag beann ar stádas na Ríochta Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach.

Tá Comhairle Eorpach an lae inniu ina buaicphointe ag tús próisis fhada. I mo cháil mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, beidh mé féin agus mo chomhghleacaithe sa Rialtas ag obair gan staonadh laistigh den Aontas Eorpach chun leasa gach duine ar oileán na hÉireann. Tá súil agam go mbeidh Feidhmeannas cumhachtroinnte i réim arís i dTuaisceart Éireann faoi dheireadh mhí an Mheithimh, ar féidir leis páirt dhíreach a bheith aige sna próisis ar fud na Ríochta Aontaithe maidir leis an mBreatimeacht agus a bheith ag obair i gcomhar leis an rialtas i mBaile Átha Cliath tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas."

CRÍOCH