Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Flanagan faoi na cainteanna polaitiúla i dTuaisceart Éireann

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, 2017

"Sna seachtainí ó reáchtáladh an toghchán i dTuaisceart Éireann, tá Rialtas na hÉireann ag obair go gníomhach sna cainteanna i gCaisleán Stormont atá dírithe ar Chomhaontuithe roimhe seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear saincheisteanna oidhreachta, agus ar Fheidhmeannas comhroinnte cumhachta a bhunú. Agus dualgais eile á gcomhlíonadh agam, bhí tá mé i láthair ag Stormont gach seachtain ó thosaigh na cainteanna, ag iarraidh réiteach a fháil ar na deacrachtaí atá ann faoi láthair.

"Is féidir liom a rá gan bheith anonn ná anall leis go bhfuil dul chun cinn éigin déanta, go háirithe ó glacadh an próiseas níos cuimsithí agus níos struchtúrtha sa choicís atá imithe tharainn, a raibh gach ceann de na cúig pháirtí polaitíochta páirteach ann. Mar sin féin, tá roinnt fadhbanna dúshlánacha fós le réiteach.

"Tá sé ráite go soiléir ag gach páirtí gur mian leo na hinstitiúidí cineachta cumhachtroinnte a bheith faoi shiúl. Is é sin an cuspóir deimhin céanna atá ag an dá Rialtas agus níl amhras ar bith faoi gurb é sin an toradh a rachaidh chun leasa mhuintir Thuaisceart Éireann. Go háirithe, ag an tráth criticiúil, dúshlánach seo do Thuaisceart Éireann agus muid ag druidim leis an gcaibidlíocht ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, is ríthábhachtach an rud é Feidhmeannas comhroinnte cumhachta a athbhunú.

"Cuirim fáilte roimh an bhfógra ón Státrúnaí go gcuirfidh sé san áireamh foráil maidir lena cheadú go mbunófar Feidhmeannas go luath i mí na Bealtaine i bpíosa reachtaíochta a chuirfidh sé i láthair tar éis na Cásca.

"Creidim nach amháin gur inmhianaithe an rud é comhaontú a bheith ann a chomhlíonfaidh an sainúdarás a tugadh do na páirtithe sa toghchán le déanaí, ach go bhféadfar é a bhaint amach sa chreat ama sin.

"Agus sos gearr sna cainteanna foirmiúla i gcomhair na Cásca, spreagaim gach duine chun teagmhálacha neamhfhoirmiúla a choinneáil ar bun agus machnamh a dhéanamh faoin méid a d'fhéadfaí a bhaint amach más rud é, sna seachtainí atá amach romhainn, go mbunófar Feidhmeannas a bheidh éifeachtach agus inmharthana. Táim cinnte go bhfuil na páirtithe toilteanach a gcion féin a dhéanamh maidir le teacht ar chomhaontú inmharthana den sórt sin lena ndéanfar foráil maidir le rialtas cumhachtroinnte seasmhach i dTuaisceart Éireann a bheith ag feidhmiú ar bhonn Chomhaontú Aoine an Chéasta.

"Ina cháil mar chomhráthóir an Chomhaontaithe sin agus an phróisis síochána, leanfaidh Rialtas na hÉireann ar aghaidh ag déanamh a chion féin maidir le héascú do na cainteanna leanúnacha sin, ag obair dó le Rialtas na Breataine agus ag spreagadh na bpáirtithe go léir chun teacht ar chomhaontú maidir le Feidhmeannas nua a bhunú ar léir é a bheith chun leasa mhuintir Thuaisceart Éireann."

CRÍOCH
An Phreasoifig
12 Aibreán, 2017