Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Charlie Flanagan ar chuairt oifigiúil ar an tSeapáin

Aire Charles Flanagan, Caidreamh Taidhleoireachta, Preas Ráiteas, An Áise agus an Aigéine, Éireann, 2017
  • Beidh an chuairt dírithe ar dhlús a chur faoi na naisc thaidhleoireachta agus na naisc thrádála
  • Is é an tSeapáin an margadh onnmhairíochta is mó de chuid na hÉireann san Áise le haghaidh earraí
  • Díreoidh an tAire aird ar dhintiúir na hÉireann mar thír ina labhraítear Béarla a bheidh ina bealach isteach chuig an Aontas Eorpach tar éis Brexit
  • Tá an chuairt ar siúl agus caidreamh déthaobhach 60 bliain idir Éire agus an tSeapáin á cheiliúradh agus tagann sí sna sála ar chuairt an Aire Gnóthaí Eachtracha Kishida ar Éirinn níos luaithe i mbliana

Beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, ag cur tús le cuairt oifigiúil ar an tSeapáin Dé Domhnaigh ar chuireadh ó Rialtas na Seapáine.

Tagann an chuairt sin sna sála ar an gcuairt bhisiúil a thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Seapáine, an tUasal Fumio Kishida, ar Éirinn i mí Eanáir.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an tAire:

"Táim ag súil go mór le cúpla lá gnóthach a chaitheamh sa tSeapáin agus na dlúthnaisc thaidhleoireachta agus trádála idir an dá thír seo againne á gcothú agam. Le mo chuairt ar an tSeapáin, go gairid i ndiaidh na cuairte a thug an tAire Kishida ar Éirinn i mí Eanáir, léirítear an tábhacht a chuireann Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Seapáine leis an gcaidreamh déthaobhach.

"Is i dtreise atá na naisc thrádála agus infheistíochta idir Éire agus an tSeapáin ag gabháil, agus b'fhiú €9.8 billiún san iomlán an trádáil dhéthaobhach in 2015. Tá an tSeapáin fós ar an margadh onnmhairíochta is mó de chuid na hÉireann le haghaidh earraí san Áise agus is í an fhoinse is mó infheistíochta dírí coigríche ón Áise d'Éirinn – faoi láthair tá 79 gcuideachta Seapánach ag feidhmiú in Éirinn, agus 4,000 post ann dá mbarr.

"Tugann an chuairt deis luachmhar dom teachtaireachtaí tábhachtacha a chur in iúl do lucht éisteachta sa tSeapáin faoi fhreagairt na hÉireann ar Brexit, agus chun athdhearbhú a dhéanamh ar ár dtiomantas daingean don Aontas Eorpach. Táim ag tnúth le dul i gcomhairle le grúpaí gnó sa tSeapáin agus teachtaireachtaí tábhachtacha de chuid na hÉireann a chur chun cinn sna meáin Sheapánacha, go háirithe i gcomhthéacs Brexit. Tá sé tábhachtach a chur ina luí ar dhaoine gurb amhlaidh, tar éis Brexit, go mbeidh Éire fós i gcroílár an Aontais Eorpaigh, agus go mbeidh sí ina bealach isteach – ina labhraítear Béarla – chuig margadh an Aontais Eorpaigh ina bhfuil 440 milliún duine, go bhfuil lucht oibre cumasach solúbtha againn agus go gcuirimid fáilte mhór roimh an infheistíocht.

"Agus mé sa tSeapáin tabharfaidh mé cuairt ar Hiroshima ionas go dtuigfidh mé féin an tionchar uafásach a bhí ag an mBuama Adamhach ar an gcathair agus ar an gceantar máguaird. Is mian le hÉirinn agus leis an tSeapáin araon an domhan a bheith saor ó airm núicléacha agus táimid chun tosaigh sna hiarrachtaí idirnáisiúnta an méid sin a bhaint amach.

"Ina theannta sin, in 2017 tá 60 bliain imithe tharainn ó bunaíodh an caidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an tSeapáin, agus mar sin is tráthúil an chéad chuairt í seo uaim ar an tSeapáin agus tá mé thar a bheith sásta an cuireadh seo chun cuairte a bheith faighte agam ó Rialtas na Seapáine."

CRÍOCH
An Phreasoifig
26 Feabhra 2017

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá na himeachtaí seo a leanas san áireamh ar an gclár le haghaidh chuairt an Aire Flanagan ar an tSeapáin:

  • Cuairt ar Pháirc Chuimhneacháin na Síochána agus ar Chruinneachán agus Músaem an Bhuama Adamhaigh (Hiroshima)
  • Cruinniú déthaobhach le hAire Gnóthaí Eachtracha na Seapáine (Tóiceo)
  • Sraith cruinnithe polaitiúla lena n-áirítear cruinnithe le Méara Hiroshima, an Méara Matsui, agus le Comhlachas Cairdis Pharlaimintigh na Seapáine agus na hÉireann (Hiroshima agus Tóiceo)
  • Aitheasc os comhair Chumann Lucht Tráchtála na hÉireann agus na Seapáine (Tóiceo agus Osaka)
  • Spreagaitheasc os comhair Chónaidhm Ghnó na Seapáine ("Keidanren") (Tóiceo)
  • Aitheasc os comhair comhimeachta de chuid GFT Éireann agus Fhiontraíocht Éireann d'fheidhmeannaigh ghnó Sheapánacha ar Straitéis na hÉireann um Sheirbhísí Airgeadais (Tóiceo)
  • Léacht ag Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta na Seapáine (Tóiceo)
  • Aitheasc os comhair na meán Seapánach ag Club Preasa Náisiúnta na Seapáine (Tóiceo)