Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Flanagan faoi Thuaisceart Éireann agus imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE

An tAontas Eorpach, Minister Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, Éireann, 2017

Rún Comhaltaí Príobháideacha ar Thuaisceart Éireann agus imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
Ráiteas ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
15 Feabhra 2017

A Cheann Comhairle,

Tá áthas orm an deis a bheith agam tús a chur le díospóireacht an lae inniu thar ceann an Rialtais agus Rún an Rialtais ar cheist ríthábhachtach Thuaisceart Éireann agus Brexit a chur faoi bhráid an tí.

Tá imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ina mhórdhúshlán straitéiseach d'oileán na hÉireann agus rachaidh sé i bhfeidhm orainn go léir. Tá dúshláin ghéara le sárú againn i dtaobh an gheilleagair agus ár n-ionchas trádála agus i dtaobh Thuaisceart Éireann, agus tá an Rialtas ag obair ar bhealach struchtúrtha, cuimsitheach chun dul i ngleic leo. Ina theannta sin, tá an Rialtas ag obair i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe Eorpacha agus é meáite ar a chinntiú go bhfuil tuiscint acu ar an gComhlimistéar Taistil agus ar an gceart atá againn chun leanúint á fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh beag beann ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, chomh maith le tionchar réamhghníomhach a imirt ar fhorbairt an Aontais Eorpaigh feasta, ag teacht leis na príomhthosaíochtaí soiléire, comhsheasmhacha atá againn i dtaobh déileáil le himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

Tá Brexit ar bharr ár gclár oibre agus is ansin atá sé ón tréimhse roimh an reifreann sa Ríocht Aontaithe. Tá sé ar bharr an chláir oibre i ngach Roinn ar fud an Rialtais, agus is fíor é sin go háirithe i gcás mo Roinne féin agus Roinn an Taoisigh. Is iomaí dúshlán éagsúil a bhaineann le Brexit agus ní mór dúinn freagra ilghnéitheach a thabhairt air. Tá mórchlár oibre ar bun cheana féin ar fud gach Roinne Rialtais. Le hocht mí anuas, tá mé ag obair i ndlúthchomhar leis an Taoiseach chun na rialtais san Aontas Eorpach a chur ar an eolas faoi thosaíochtaí na hÉireann agus ag díriú aird ár dtíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Aontas ar chur chuige agus seasamh na hÉireann. D'fhreastail mé ar bhreis is 150 cruinniú ardleibhéil agus díospóireacht. Tráth is gaire don lá inniu, chuaigh mé go dtí an Bhruiséil an tseachtain seo caite agus bhuail mé le príomh-idirbheartaí Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Michel Barnier, le hionadaí Pharlaimint na hEorpa, Guy Verhofstadt FPE, agus le FPEanna tábhachtacha sa Pharlaimint. Bhí cruinnithe foirmiúla déthaobhacha agam le hAirí Gnóthaí Eachtracha na hIodáile agus na Fionlainne. Nuair a bhí mise sa Bhruiséil, bhí an Taoiseach i Vársá agus é i mbun cainteanna déthaobhacha le Príomh-Aire na Polainne. Tá tacaíocht á tabhairt don chlár taidhleoireachta atá á chur i bhfeidhm agam féin, an Taoiseach agus comhghleacaithe rialtais lena n-áirítear an tAire Stáit Dara Murphy, trí mheán dianchlár coinní ar leibhéal na n-oifigeach áit a bhfuil plé leanúnach ar bun le hoifigigh sa Choimisiún agus le rialtais na mBallstát.

Ar an leibhéal náisiúnta, tá clár ollmhór oibre idir lámha. Is í Éire an t-aon tír amháin a bhí in ann creatphlean teagmhais a fhoilsiú an lá a fógraíodh toradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe. Tá obair dhian dhícheallach gan staonadh ar bun ar fud an rialtais go léir. Tá an obair sin á comhordú agus á stiúradh ag an Taoiseach. Mar fhreagra ar an rún ó Fhianna Fáil go gceapfaí Aire i gcomhair Brexit, ba mhaith liom a rá arís gur dúshlán straitéiseach é Brexit nach mór don Chomh-Aireacht ar fad dul i ngleic leis, faoi threoir an Taoisigh. Tá a gcion féin le déanamh ag gach Aire sa Rialtas, agus go deimhin tá a gcion féin le déanamh ag na páirtithe polaitiúla go léir, ó Thuaidh agus ó Dheas.

Maidir le Tuaisceart Éireann, tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas go bhfuil dálaí ar leith nach mór a chur san áireamh sa chaibidlíocht maidir le himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe amach anseo. Déantar foráil i gComhaontú Aoine an Chéasta, ar conradh idirnáisiúnta é atá cláraithe leis na Náisiúin Aontaithe, do réiteach uathúil polaitiúil agus bunreachtúil i dTuaisceart Éireann, atá ina bhunús leis an bpróiseas síochána. Is rud é sin ar thug an tAontas Eorpach aitheantas dó ariamh agus ar thacaigh sé leis, agus ba chúis mhisnigh dom an tacaíocht atá faighte agam ó mo chomhghleacaithe i measc na n-airí gnóthaí eachtracha.

Is fiú a mheabhrú gur foráladh d'athrú ó bhonn i gComhaontú Aoine an Chéasta san aitheantas a thugtar do "cheart oidhreachta mhuintir uile Thuaisceart Éireann iad féin a aithint mar Éireannaigh nó mar Bhriotanaigh, nó mar Éireannaigh agus Briotanaigh araon". Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé de cheart ag beagnach gach duine a rugadh i dTuaisceart Éireann a bheith ina shaoránach Éireannach, agus dá bhrí sin ina shaoránach den Aontas Eorpach, le gach ceann de na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis sin. Níl aon chomhaontú dá shamhail in áit ar bith eile san Eoraip – rud ar leag mé béim air agus mé ag labhairt le mo chomhghleacaithe. Tá forálacha an-tábhachtach sa Chomhaontú freisin maidir le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann. Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach gcuireann Brexit bac dlí ar bith ar an sásra atá leagtha amach sa Chomhaontú i dtaobh Éire aontaithe, i gcomhréir le prionsabal an toilithe, agus tá tagairt shonrach don phointe sin sa rún ón Rialtas.

Is tionscadal síochána é an tAontas Eorpach féin thar aon rud eile, agus tá cion mór déanta ag an Aontas ar mhaithe lenár bpróiseas síochána le breis is fiche bliain anuas. Tar éis dom dul i gcomhairle le gach duine d'airí gnóthaí eachracha an Aontais, agus le Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ionadaithe sinsearacha ón gCoimisiún agus ón gComhairle, is eol dom go bhfuil tuiscint dhomhain acu ar ról an Aontais agus ar an gcúnamh a thug sé chun tacú leis an bpróiseas síochána agus gur mian leo coinneáil leis an tacaíocht sin, beag beann ar na dúshláin agus na hathruithe a ghabhann le Brexit.

A Cheann Comhairle,

Is é bunús an dá rún ón bhFreasúra go bhfuiltear ag iarraidh go sonrach ar an Rialtas seasamh a glacadh faoina bhfanfaidh Tuaisceart Éireann san Aontas Eorpach agus stádas speisialta aige tar éis Brexit. Is léir nach raibh an Rialtas, ná duine ar bith eile sa Teach seo, ag iarraidh go n-imeodh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach. Bhí an Rialtas ag obair go gníomhach chun tacú lena mhalairt toraidh le linn fheachtas an reifrinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain araon. Is é an cúram atá orainn anois dul i ngleic leis an toradh nach raibh uainn agus leis na dúshláin go léir a ghabhann leis, d'fhonn an toradh is fearr a bhaint amach d'oileán na hÉireann ina iomláine.

Is é an fhírinne lom, in ainneoin na gcúinsí ar leith ar oileán na hÉireann, go gcothaíonn coincheapa agus téarmaí cosúil le "stádas speisialta" an-imní i measc comhpháirtithe eile san Aontas Eorpach i dtaobh fasaigh a d'fhéadfaí a bhunú in áiteanna eile. D'fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint ó iarrachtaí an Rialtais aghaidh a thabhairt go sonrach ar na hiarmhairtí atá ag bagairt ar an oileán seo – agus ar mhuintir Thuaisceart Éireann go háirithe – de bharr Brexit. Cé go dtuigim go hiomlán an réasúnaíocht sin, is amhlaidh go mbeadh a leithéid de mholadh ag cur isteach ar an obair atá ar bun chun socruithe a dhéanamh lena léireofaí an staid ar leith ina bhfuil Tuaisceart Éireann, a bunaíodh sa phróiseas síochána agus i gComhaontú Aoine an Chéasta, chomh maith leis an stádas geografach atá aige mar an t-aon teorainn talún amháin idir an Ríocht Aontaithe agus 27 mBallstát eile an Aontais Eorpaigh.

Go deimhin, tacaíonn forálacha an rúin Rialtais go soiléir leis an ngá atá le bearta sonracha, éifeachtacha, indéanta lena bhféadfaí dul i ngleic leis an gcúis mhór imní faoi Brexit, cibé an mbaineann sí sin leis an teorainn, le forálacha an Chomhaontaithe i dtaobh cearta saoránachta, bunreachtúla agus daonna, nó rud éigin eile. Ina theannta sin, beidh an Rialtas seo ag obair ar son leanúint ar aghaidh leis an raon beartas tacaíochta ón Aontas Eorpach do Thuaisceart Éireann agus do phróiseas na síochána, lena n-áirítear i ndáil le cistiú ón Aontas Eorpach, agus tá sé ag féachaint ar fhasaigh atá ann faoi láthair agus ar chineálacha cur chuige nuálacha a d'fhéadfaí a ghlacadh ina leith sin.

Tá ceisteanna casta éagsúla nach mór aghaidh a thabhairt orthu, agus b'fhéidir gurb í ceist na teorann an ceann is casta ar fad agus an chúis imní is mó. Tá an-chuid plé déanta agus tuairimíocht curtha i láthair faoi conas a d'fhéadfaí nó nach bhféadfaí an cheist sin a réiteach. Is é an seasamh a ghlac an Rialtais ón tús ná go gcaithfear cloí leis an teorainn dhofheicthe. Táimid i ndlúthchomhairle le gach ceann dár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach, an Ríocht Aontaithe ina measc, chun cur leis an tuiscint atá acu ar mhórchúiseanna imní na hÉireann agus lena dtacaíocht ina leith.

Mar atá luaite agam cheana, le 8 mí anuas bhí mé i mbun dianphlé le mo chomhghleacaithe i measc na n-airí gnóthaí eachtracha ar fud an Aontais Eorpaigh – níl aire gnóthaí eachtracha ar bith san Aontas nach bhfuil ar an eolas faoin tábhacht lárnach a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta agus faoina mheáite is atá Rialtas na hÉireann, a rinne comhráthú air, dá chinntiú go ndéanfar prionsabail agus forálacha an chomhaontaithe sin a lán-urramú in aon chomhaontú a dhéanfar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus nach ligfear le sruth rud ar bith atá bainte amach de bharr an phróisis síochána.

Ní mór dúinn é a thuiscint go soiléir, áfach, maidir leis an teorainn – agus go deimhin maidir lena lán réimsí eile – go mbeidh ar an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach teacht ar chomhréiteach má táimid chun na cuspóirí crua atá leagtha síos ag an Rialtas seo a bhaint amach. Tá caomhnú na teorann dofheicthe ina sprioc ag rialtas na hÉireann agus rialtas na Ríochta Aontaithe araon. Shonraigh an Taoiseach go han-soiléir don Phríomh-Aire May ar an 30 Eanáir i mBaile Átha Cliath an tábhacht a bhaineann leis an sprioc sin a bhaint amach. Beidh ar Rialtas na Breataine an cuspóir sonraithe sin i ndáil leis an teorainn a áireamh mar chuid chinnte dá sheasamh caibidlíochta féin leis an Aontas Eorpach. Rinne mé athdhearbhú ar an teachtaireacht sin sa chruinniú a bhí agam inné le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire.

Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag obair lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach agus ag ullmhú ar bhonn cuimsitheach chun tacú lenár gcuspóirí foriomlána, lena n-áirítear i ndáil le Tuaisceart Éireann, próiseas na síochána agus ceisteanna uile-oileáin.

I dtaca leis sin, tá tús curtha le hobair mhaith cheana féin tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Comhaontaíodh roinnt comhphrionsabal tábhachtach chun déileáil le Brexit ar bhonn uile-oileáin. Is den riachtanas é gur féidir tús a chur arís a luaithe is féidir leis an obair fhíor-riachtanach a dhéanann an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, toisc go bhfuil an chaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar tí tosú.

Baineann tábhacht ollmhór le hathbhunú na n-institiúidí cumhachtroinnte cineachta i dTuaisceart Éireann a luaithe is féidir tar éis na dtoghchán atá romhainn ar an 2 Márta, i ndáil le déileáil leis na himpleachtaí a bheidh ag Brexit ó thaobh Thuaisceart Éireann. Tá an Feidhmeannas freagrach as ionadaíocht pholaitiúil a dhéanamh ar leasanna Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear maidir leis an gcaibidlíocht atá romhainn idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Ní mór dúinn go léir a mheabhrú gur vótáil muintir Thuaisceart Éireann in 1998 i gcomhair Rialtas cineachta éifeachtach, ar bhonn meon ceart comhpháirtíochta, agus gur mian leo go mbainfeadh a gcuid polaiteoirí an toradh sin amach. Tar éis an toghcháin, beidh sé de chúram ar na páirtithe dá bhrí sin Feidhmeannas comhroinnte cumhachta a bhunú, rud a fhágann nach mór do na páirtithe bealach chun cinn a aimsiú maidir leis na ceisteanna ba chúis le glaoch an toghcháin. Ar ndóigh, tá an Rialtas i gcónaí sásta tacaíocht a thabhairt do na páirtithe agus cuidiú leo ar bhealach ar bith is féidir linn. Is tiomantas seasta atá againn mar chomh-ráthóir an Chomhaontaithe.

A Cheann Comhairle,

Leagtar amach sa Rún Rialtais inniu an straitéis fhoriomlán atá againn chun an méid a baineadh amach le linn an phróisis síochána a chosaint agus a bheith ag obair ar mhaithe le leasanna an oileáin ina iomláine, agus leagtar béim leis ar an obair atá déanta ag an Rialtas maidir le Tuaisceart Éireann i gcomhthéacs Brexit. Tá go leor gnéithe de na rúin atá molta ag an dá pháirtí Freasúra clúdaithe san obair leanúnach sin ach níl siad san áireamh i rún an Rialtais ionas go seachnófar tosaíocht nach raibh beartaithe a thabhairt dóibh nó gnéithe eile a fhágáil ar lár.

Cuimsítear ár straitéis fhoriomlán i Rún an Rialtais agus déantar tagairt shainráite do thiomantas an Rialtais dá chinntiú go ndéanfar lán-urramú ar fhorálacha uile Chomhaontú Aoine an Chéasta in aon chomhshocraíochtaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa todhchaí.

Sin é an bóthar is ceart dúinn a leanúint chun an próiseas síochána agus ár leasanna uile-oileáin a dhaingniú, agus sin é an bóthar a leanfaidh an Rialtas, le tacaíocht agus dea-thoil gach ceann dá chomhpháirtithe san Aontas Eorpach.

Dá bhrí sin, molaim frithrún an Rialtais don Teach inniu.

CRÍOCH

Aguisín – frithrún an Rialtais

An méid seo a leanas a chur isteach in ionad na bhfocal atá ann faoi láthair:

"Tugann Dáil Éireann ar aird gurb amhlaidh:

 

 

Tugann Dáil Éireann aitheantas don dul chun cinn a rinneadh tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas maidir leis na himpleachtaí earnálacha a bheidh ag Brexit ar d'Éirinn, idir Thuaidh agus Theas, a mheas agus comhphrionsabail a aontú chun dul chun cinn, lena n-áirítear:

 

 

thairis sin, tugann Dáil Éireann ar aird gurb amhlaidh: