Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan ag spreagadh daoine óga chun iarratas a dhéanamh ar shocrúcháin J1

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Meiriceá Thuaidh, 2017

An tAire Flanagan ag spreagadh daoine óga chun iarratas a dhéanamh ar shocrúcháin J1, tar éis d'Údaráis na Stát Aontaithe 2,600 áit bhreise a fhógairt

Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charles Flanagan, TD, roimh an gcinneadh a rinne údaráis na Stát Aontaithe, mar atá fógartha ag Roinn Stáit SAM d'Ambasáid na hÉireann in Washington, DC, 2,600 socrúchán breise J1 a chur ar fáil do rannpháirtithe Éireannacha sa chlár J1 in 2017. I measc na roghanna atá ar fáil don J1 tá raon deiseanna do mhic léinn agus do dhaoine óga chun taisteal go dtí na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear poist mar chomhairleoir campa, an clár um Obair Shamhraidh agus Taisteal, nó Clár na Víosaí d'Iarchéimithe chun dul chuig na Stáit Aontaithe.

Dúirt an tAire:

"Is gné thábhachtach luachmhar den chaidreamh déthaobhach idir Éire agus na Stáit Aontaithe é an clár J1. Tá Rialtas na hÉireann ag tacú go tréan leis an gclár le fada an lá agus, i mo cháil mar Aire, leag mé béim go rialta ar a luachmhaire atá sé do dhaoine óga in Éirinn agus mé ag freastal ar chruinnithe déthaobhacha le húdaráis de chuid na Stát Aontaithe. Faoin gclár J1 bíonn an deis ag a lán d'aos óg na hÉireann cur go mór lena dtaithí saoil agus spreagaim daoine óga chun smaoineamh ar dheiseanna an chláir a thapú. Thar aon ní eile, tá an scéim J1 ag cur dlús faoin gcaidreamh duine le duine idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Táim thar a bheith sásta go bhfuil cinneadh déanta ag údaráis na Stát Aontaithe 2,600 socrúchán J1 sa bhreis a chur ar fáil do rannpháirtithe Éireannacha i gclár J1 na bliana 2017."

Nóta d'Eagarthóirí

D'éirigh go hiontach leis an gclár J1 le beagnach 50 bliain anuas mar ghné den chaidreamh déthaobhach idir Éire agus na Stáit Aontaithe, agus ghlac 150,000 Éireannach, idir mhic léinn tríú leibhéal agus daoine óga eile, páirt sa chlár i rith na tréimhse sin. Faoin gclár J1, tá breis is dosaen rogha ag rannpháirtithe ar mian leo blaiseadh a fháil den saol sna Stáit Aontaithe, agus deis oibre a bheith acu an tráth céanna.

CRÍOCH
An Phreasoifig
15 Feabhra 2017