Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan ag glacadh páirte i gComhdháil idirnáisiúnta um Shíocháin sa Mheánoirthear

Caidreamh Taidhleoireachta, Minister Charles Flanagan, Caidreamh Idirnáisiúnta, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2017

Ghlac Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, páirt inniu (Dé Domhnaigh) i gComhdháil maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, a raibh an Fhrainc ina óstach uirthi.

Bhí Éire i measc breis is 60 tír agus eagraíocht idirnáisiúnta ar tugadh cuireadh dóibh freastal ar an gComhdháil i bPáras.

D'fhreastail an tAire Flanagan ar an gComhdháil a reáchtáladh sa Fhrainc ar an gceist sin i Meitheamh na bliana anuraidh freisin.

I gcuideachta na Sualainne, bhí obair leantach ar siúl ag Éirinn i dtaobh chruinniú mhí an Mheithimh seo caite, i réimse an chomhairliúcháin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Ag labhairt dó i bPáras, dúirt an tAire Flanagan:

"Bhí áthas orm a bheith i láthair ag an gComhdháil a d'óstáil an Fhrainc, a lean ón gcruinniú a bhí againn anseo i bPáras i Meitheamh na bliana anuraidh.

"Is annamh a thagann an oiread tíortha éagsúla le chéile is atá anseo.

"Tá teachtaireacht shoiléir tugtha ag an gComhdháil go gcreideann an pobal idirnáisiúnta gurb é an t-aon réiteach inmharthana amháin ar an gcoinbhleacht ná réiteach dhá stát ar bhonn caibidlíochta.

"Baineann tábhacht leis an teachtaireacht sin tráth a bhfuil amhras á léiriú i dtaobh réiteach dhá stát, trí fhocail nó trí ghníomh. Níl aon rogha eile a oibreoidh.

"Leis an leathnú leanúnach ar na lonnaíochtaí tá an doras á dhúnadh ar réiteach inmharthana dhá stát.

"Bhí an teachtaireacht sin soiléir i Rún 2334 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a glacadh ag deireadh na bliana anuraidh.

"Mar a dúirt mé anseo i bPáras i mí an Mheithimh seo caite, is ionann an easpa dul chun cinn agus céim ar gcúl. Ní mór dúinn dul chun cinn ceart a fheiceáil.

"Tá ceannaireacht de dhíth ar an dá thaobh ionas gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh.

"Cé gur idir an dá thaobh a chaithfidh an comhaontú deiridh a bheith, tá ról ag an bpobal idirnáisiúnta san obair ina threo sin.

"Gabhaim arís eile mo bhuíochas le Rialtas na Fraince as an tionscnamh seo a ghlacadh agus táim ag tnúth le plé faoin obair leantach a bheith agam le mo chomhghleacaithe ón Aontas Eorpach sa Bhruiséil ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha amárach."

Bhí díospóireachtaí déthaobhacha ag an Aire Flanagan le roinnt Airí Gnóthaí Eachtracha ar imeall na comhdhála, lena n-áirítear Airí Gnóthaí Eachtracha na Túinéise, Chatar, na Seineagáile agus na Máratáine.