Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan i láthair ag an gCuimhneachán Náisiúnta ar an Uileloscadh

Minister Charles Flanagan, Cuimhneacháin, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, i láthair inniu (Dé Domhnaigh) ag an imeacht bliantúil i gcomhair Lá Náisiúnta an Chuimhneacháin ar an Uileloscadh i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Bíonn an cuimhneachán ar siúl ar an Domhnach is gaire don 27 Eanáir, an lá ar scaoileadh saor Auschwitz-Birkenau.

I rith an tsearmanais beidh sliocht ón Dearbhú ó Fhóram Idirnáisiúnta Stócólm ar an Uileloscadh á léamh ag an Aire Flanagan.

Ina chuideachta beidh Frances Fitzgerald TD, an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, mar aon le héagsúlacht mhór rannpháirtithe eile, agus onóir á tabhairt dóibh siúd a fuair bás san Uileloscadh. Beidh léamha, cuimhní cinn ó mharthanóirí agus ceol á gcur i láthair ag an searmanas. Lasfar coinnle i gcuimhne ar na milliúin Giúdach neamhchiontach agus na daoine eile a ndearnadh céasadh coirp orthu agus a maraíodh mar gheall ar a gcreideamh, iad a bheith faoi mhíchumas, a gclaonadh gnéasach nó a bhféiniúlacht eitneach.

Ag labhairt dó roimh an searmanas, dúirt an tAire Flanagan:

"Is mór an onóir dom a bheith páirteach arís san imeacht tábhachtach seo. Leis an gCuimhneachán Náisiúnta ar an Uileloscadh, bíonn deis an-tábhachtach againn cuimhneamh ar shaol na milliúin Giúdach, idir fhir, mhná agus leanaí, agus an iomaí daoine eile ar díríodh orthu agus a maraíodh mar gheall gur chuir siad déistin ar dhaoine a bhí ag gabháil d'idé-eolaíocht nár ghlac le difríocht de chineál ar bith."

Is é an Dearbhú ó Fhóram Idirnáisiúnta Stócólm ar an Uileloscadh, a bheidh an tAire Flanagan á léamh ag an searmanas, bundoiciméad na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta i gCuimhne ar an Uileloscadh, eagraíocht idirnáisiúnta atá tiomanta d'oideachas faoin Uileloscadh, cuimhne air agus taighde ina thaobh a chur chun cinn. Dúirt an tAire Flanagan:

"Leis an gcuimhneachán tábhachtach seo, tá an deis againn freisin machnamh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha againn ón am atá thart. Léiriú míchuibheasach amach is amach ab ea an tUileloscadh ar an éadulaingt agus an fuath a d'fhág colm buan ar an gcine daonna. Ní fhéadfaimis é a ligean i ndearmad choíche. Ar an drochuair, sa lá atá inniu ann, tá ídé-eolaíochtaí bunchreidmheacha fós ag díriú ar ghrúpaí áirithe. Ní mór dúinn a bheith san airdeall agus muid i seasamh i gcoinne fuath den sórt sin agus freagra a thabhairt air trí dhomhan a chothú atá bunaithe ar idéalacha faoina mbíonn meas ag daoine ar a chéile agus a nglacann siad lena chéile."

"Agus Dearbhú Stócólm á shíniú aige, gheall Rialtas na hÉireann troid i gcoinne urchóidí an fhrith-Sheimíteachais, an chinedhíothaithe, an ghlanta eitnigh, an chiníochais, na seineafóibe agus bealaí eile ina léirítear fuath. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun athdhearbhú a dhéanamh ar an ngealltanas sin."

CRÍOCH
An Phreasoifig
29 Eanáir 2017