Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Dara Murphy TD, chun taisteal go dtí Búcairist agus an Aithin

Aire Stáit Dara Murphy, An tAontas Eorpach, Preas Ráiteas, An Eoraip, Éireann, 2017

An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Dara Murphy TD, chun taisteal go dtí Búcairist agus an Aithin:

"Deis chun tosaíochtaí na hÉireann i dtaobh na Breatimeachta a chur i láthair"

D'fhág an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Dara Murphy TD, an tír seo inniu chun taisteal go dtí Búcairist agus an Aithin ar chuairt dhá lá. Tá an turas á reáchtáil mar chuid de chlár an Rialtais chun dul i mbun rannpháirtíochta le comhpháirtithe san Aontas Eorpach, roimh an chaibidlíocht faoi mBreatimeacht a meastar a gcuirfear tús léi faoi dheireadh an Mhárta.

Roimh imeacht dó, dúirt an tAire:

"Tá Éire ag ullmhú i gcomhair na caibidlíochta faoin mBreatimeacht le dhá bhliain anois.

Táimid tar éis dlús a chur leis an anailís a dhéanaimid ar na rioscaí agus na deiseanna ríthábhachtacha agus táimid thar a bheith soiléir maidir lenár gcuspóirí don chaibidlíocht atá romhainn: maolú a dhéanamh ar an tionchar ar ár ngeilleagar, an méid a baineadh amach sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann a chosaint, an Comhlimistéar Taistil a choinneáil ar bun agus daingniú a dhéanamh ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus Éire ina chroílár.

Cuid bhunúsach den obair ullmhúcháin atá ar bun againn sa chéim ullmhúcháin is ea a chinntiú go dtuigeann ár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach na nithe is cúram dúinn agus na tosaíochtaí atá againn. Chun na críche sin, tá an Rialtas ag tabhairt faoi chlár leathan coinní le Ballstáit eile an Aontais. Agus mé ar cuairt ar Bhúcairist agus ar an Aithin an tseachtain seo, beidh deis iontach agam chun mionsonraí na gceisteanna sin a phlé le dhá chomhpháirtí thábhachtacha ag bord an Aontais."

Dúirt an tAire freisin:

"Is cuairt éisteachta í seo, chomh maith le cuairt ina gcuirfimid i láthair na ceisteanna is cúram linn féin. Beimid i mbun caibidlíochta mar bhall d'aon fhoireann amháin de chuid an Aontais Eorpaigh nuair a thosóidh an próiseas agus mar sin tá sé ríthábhachtach tuiscint mhaith a bheith againn ar na tuairimí éagsúla thart timpeall an bhoird. Dá bhrí sin, i rith na gcruinnithe sa dá chathair, beidh deiseanna agam chun dul i gcomhairle le hairí rialtais agus le coistí parlaiminteacha ionas go mbeidh tuiscint againn ar réimse na n-ábhar cúraim a bhaineann leis an mBreatimeacht, a dtéann cuid acu i bhfeidhm ar gach Ballstát san Aontas agus a mbaineann cuid eile acu le hÉirinn amháin.

Táim ag súil go mór le malartú tuairimí maidir lena bhfuil in ndán don Aontas, ábhar a bheidh faoi chaibidil an tseachtain seo nuair a thiocfaidh Ceannairí Stáit agus Ceannairí Rialtais an Aontais le chéile in Valletta, Málta chun réiteach i gcomhair Chomóradh 60 Bliain Chonradh na Róimhe an mhí seo chugainn."

CRÍOCH
An Phreasoifig
30 Eanáir 2017