Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire ag triall ar Washington DC le haghaidh cruinnithe le polaiteoirí sinsearacha Meiriceánacha

Caidreamh Taidhleoireachta, Éireannaigh thar lear, Minister Charles Flanagan, Taisteal, Preas Ráiteas, Éireann, Meiriceá Thuaidh, 2017

Beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, ag triall ar Washington, D.C. le haghaidh cruinnithe le polaiteoirí sinsearacha éagsúla de chuid SAM ar Chnoc an Chaipeatóil.

Beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charles Flanagan, TD, ag taisteal go Washington, D.C., inniu ar chuairt 3 lá. Beidh coinní gnó éagsúla aige, agus roinnt cruinnithe le ceannairí de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe.

Dúirt an tAire:

"Deis thábhachtach is ea an chuairt seo chun bualadh le ceannairí de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe agus tuairimí a mhalartú faoi ábhair is spéis agus is cúram le hÉirinn agus na Stáit Aontaithe araon. Táim ag súil go mór freisin le bualadh le daoine den phobal gnó Éireannach i gceantar Washington, D.C."

Ar theacht dó tráthnóna Dé Máirt, an 31 Eanáir, tabharfaidh an tAire aitheasc ag cruinniú ginearálta bliantúil Líonra na hÉireann in D.C. Eagraíocht líonraithe do ghairmithe is ea é sin, d'Éireannaigh, Gael-Mheiriceánaigh agus cairde na hÉireann i limistéar chathair Washington.

Ar an gCéadaoin, an 1 Feabhra, beidh sraith cruinnithe ag an Aire le ceannairí de chuid Chomhdháil na Stát Aontaithe, idir Phoblachtaigh agus Daonlathaithe. Ina measc beidh cruinnithe le Ceann Comhairle Theach an Rialtais, Paul Ryan, Ceannaire Pháirtí Tromlaigh an Tí, Kevin McCarthy agus Ceannaire Pháirtí Mionlaigh an Tí, Nancy Pelosi. Beidh an tAire ag bualadh freisin le baill den ghrúpa dé-páirtíneach, Cairde Comhdhála na hÉireann. Dúirt sé:

"Ag na cruinnithe a bheidh agam le ceannairí polaitiúla sinsearacha ar Chnoc an Chaipeatóil, beidh an deis agam plé a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla is suim nó is cúram d'Éirinn agus do na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear: tacaíocht leanúnach ó na Stáit Aontaithe do Phróiseas na Síochána; cur chuige na hÉireann i leith na Breatimeachta; na hionchais don athchóiriú ar an inimirce, chomh maith le bearta a bhaineann le hinimirce a d'fhógair na Stáit Aontaithe le déanaí; agus naisc gheilleagracha idir Éire agus na Stáit Aontaithe."

Maidir leis an inimirce, fágfaidh na teagmhálacha seo go mbeidh an deis ag an Aire a chur in iúl go bhfuil imní ar an Rialtas faoi fhógraí a rinne Lucht Riaracháin na Stát Aontaithe le déanaí a rachaidh i bhfeidhm ar shaoránaigh Éireannacha gan cháipéisí sna Stáit Aontaithe agus, ar bhonn níos leithne, ar shaoránaigh de chuid Stát ainmnithe áirithe. Ar an Déardaoin, an 2 Feabhra, beidh roinnt coinní ag an Aire le hionadaithe na meán cumarsáide ó Éirinn, na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ar fud an domhain a bhíonn i mbun oibre in Washington.

CRÍOCH
An Phreasoifig
31 Eanáir 2017

Nóta d'Eagarthóirí:

Grúpa i gComhdháil na Stát Aontaithe is ea Cairde Comhdhála na hÉireann. Bhunaigh polaiteoirí Gael-Mheiriceánacha é in 1981 agus tugtar le chéile ann raon leathan de bhaill Theach Rialtais na Stát Aontaithe ón dá pháirtí, idir dhaoine de shliocht Ghael-Mheiriceánach agus daoine a bhfuil an-suim acu i gcúrsaí na hÉireann. Is iad na feisirí Peter King (Poblachtánach – NY) agus Richard Neal (Daonlathaí – MA) na comhchathaoirligh.