Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cruinniú idir an tAire Flanagan agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste

Minister Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Éireann, Tuaisceart Éireann, 2017

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, i mBéal Feirste tráthnóna inniu (Déardaoin) i gcomhair cruinniú déthaobhach le James Brokenshire MP, Státrúnaí Thuaisceart Éireann.

Bhí an cruinniú ar siúl i gcomhthéacs na gcor polaitiúil le déanaí i dTuaisceart Éireann a d'fhág gur glaodh toghcháin úra don Tionól, toghcháin a bheidh ar siúl ar an 2 Márta.

Ag labhairt dó tar éis na gcruinnithe, dúirt an tAire Flanagan:

"Seasann Rialtas na hÉireann go tréan le Comhaontú Aoine an Chéasta agus le sláine a phríomhphrionsabal a chosaint agus tacaíocht a thabhairt d'fheidhmiú cobhsaí a chuid institiúidí nasctha.

Phléigh mé féin agus an Státrúnaí staid reatha na gcúrsaí polaitiúla agus an ról atá ag na Rialtais maidir le dearbhú muiníne agus tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí anois nuair atá dúshláin le sárú acu. Bhí an scéala is déanaí faoin mBreatimeacht faoi thrácht againn freisin, go háirithe na himpleachtaí do Thuaisceart Éireann, mar aon le saincheisteanna oidhreachta lena n-áirítear an dul chun cinn maidir le hailtireacht oidhreachta Theach Stormont a bhunú agus dul i ngleic leis an rún Dála ar an mbuamáil i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán.

Agus an feachtas toghchánaíochta don Tionól ag tosú, táim fós á áitiú ar gach páirtí gníomhú agus labhairt go freagrach. Ní mór dúinn go léir gan a ligean i ndearmad gur vótáil muintir Thuaisceart Éireann in 1998 i gcomhair Rialtas cineachta éifeachtach, ar bhonn meon ceart comhpháirtíochta, agus gur mian leo go mbainfeadh a gcuid polaiteoirí an toradh sin amach.

Ina cháil mar chomhráthóir an Chomhaontaithe sin, leanfaidh Rialtas na hÉireann ar aghaidh ag obair le Rialtas na Breataine agus leis na páirtithe polaitiúla chun gealltanas iomlán an Chomhaontaithe sin a chomhlíonadh agus chun an chobhsaíocht pholaitiúil, an t-athmhuintearas agus an rathúnas geilleagrach i dTuaisceart Éireann a chur chun cinn."

Beidh an tAire Flanagan agus an Státrúnaí i láthair freisin ag ócáid tráthnóna inniu chun a cheiliúradh go bhfuil an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn ar bun le 30 bliain anois.

CRÍOCH