Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cistiú €2 mhilliún don Éimin fógartha ag an Aire Flanagan agus an Aire Stáit McHugh

Maoiniú, Cúnamh Éireann, Minister Charles Flanagan, Minister Joe McHugh, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, Éireann, 2017

Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh TD, go bhfuil Éire chun €2 mhilliún eile i gcistiú daonnúil a thabhairt chun freastal ar riachtanais phráinneacha in Éimin de bharr cogadh cathartha atá imithe in olcas ó mhí an Mhárta 2015.

Agus an cistiú breise á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá imní níos mó ag teacht orm agus mé ag faire ar chúrsaí in Éimin. Is mó an líon daoine in Éimin atá i ngátar anois ná mar atá amhlaidh san Iaráic ná sa tSiria. Tá tacaíocht dhaonnúil ag teastáil go práinneach ó bheagnach 19 milliún de mhuintir Éimin, 70% den daonra. Tá níos mó ná 14 milliún duine ina gcónaí gan fáil acu ar a ndóthain bia, uisce shábháilte agus sláintíochta, agus d'éigean do bhreis is 3 mhilliún duine teitheadh óna gcuid tithe de bharr na coinbhleachta seo atá ar bun le fada. Leis an tabhartas €2 mhilliún seo ó Éirinn inniu, beidh cistiú daonnúil dar luach breis is €4 mhilliún tugtha againn dóibh siúd a bhfuil an choinbhleacht ag goilleadh orthu ó thús 2016."

Dúirt an tAire Flanagan freisin:

"Is cosúil nach ndearnadh aon dul chun cinn sna hiarrachtaí bróicéireacht a dhéanamh ar chomhaontú síochána. Is é an t-aon bhealach amháin chun deireadh a chur lena bhfuil le fulaingt ag muintir Éimin ná réiteach a fháil ar an gcoinbhleacht seo. Molaim na hiarrachtaí atá déanta ag an Toscaire Speisialta Ismail Ould Cheikh Ahmed agus a fhoireann, atá ag coinneáil lena gcuid oibre chun na páirtithe sa choinbhleacht a thabhairt chuig bord na caibidlíochta. Áitím orthu siúd a bhfuil tionchar acu sa réigiún é a chur ina luí ar na páirtithe gur chun leasa gach páirtí a bheadh comhaontú síochána, agus gurb é sin an t-aon bhealach amháin chun cinn.

"Tá an choinbhleacht seo ina léiriú ar an teannas níos leithne sa réigiún, agus bheadh comhaontú síochána in Éimin ina chúnamh éigin i dtaobh cobhsaíocht níos mó sa réigiún."

Ag tagairt dó don chuairt a thug sé le déanaí ar réigiún na Murascaille, dúirt an tAire Flanagan:

"Thaistil mé chuig Réigiún na Murascaille le déanaí, agus bhuail mé le hAire Gnóthaí Eachtracha Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Abdullah bin Zayed Al Nahyan, agus le hAire Stáit na hAraibe Sádaí um Ghnóthaí Eachtracha, an Dr Nizar bin Obaid Madani. Chuir mé in iúl an imní atá orm faoi chomh dona is atá cúrsaí daonnúla in Éimin, chomh maith leis an imní atá orm faoi ionsaithe míleata a ghoilleann go díreach ar shibhialtaigh.

"Sular thosaigh an choinbhleacht seo, bhí Éimin ar an tír ba bhoichte i réigiún na Murascaille cheana féin. Is léir go bhfuil an baol ann go dteipfidh air mar stát, agus go mbeidh glúin leanaí ag fás aníos agus iad tearc-chothaithe agus gan oideachas orthu. Beidh an cistiú breise seo inniu ina chúnamh i dtaobh cabhrú leo siúd atá ar líne thosaigh na géarchéime seo atá ligthe i ndearmad, agus leanfaidh mé ar aghaidh ag tapú gach deis chun tacú le comhaontú síochána, arb é an t-aon bhealach chun deireadh a chur lena bhfuil le fulaingt ag muintir Éimin."

Dúirt an tAire McHugh:

"Tá Éimin á réabadh ag an gcoinbhleacht gan staonadh seo. Tá cúrsaí daonnúla uafásach sa tír, agus tá leibhéal riachtanais ann dá bharr ar deacair é a thuiscint. Tá Éire tiomanta do chabhair dhaonnúil a thabhairt do na géarchéimeanna daonnúla is measa, lena n-áirítear iad siúd ar a nglaoitear "géarchéimeanna atá ligthe i ndearmad", nach mbíonn trácht orthu go minic i gceannlínte na nuachta. Tabharfaidh Éire an tacaíocht bhreise seo d'Éimin trí Chiste Daonnúil na Náisiún Aontaithe d'Éimin, a bhfuil muid sa séú áit anois i measc liosta a dheontóirí. Tacaíonn an ciste sin le hiarrachtaí i dtaobh comhordú áitiúil trí chistiú a chur ar fáil do na comhpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta is fearr atá i riocht le cúnamh tarrthála a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar. Chuir na Náisiúin Aontaithe in iúl dúinn an tseachtain seo caite go bhfuil laghdú 50% tagtha ar líon na gcásanna nua calair le hais na bliana anuraidh mar thoradh díreach ar obair na Náisiún Aontaithe a dtacaíonn an cistiú seo léi."

CRÍOCH
An Phreasoifig
3 Eanáir 2017

Nótaí don eagarthóir:

Fágann an cistiú €2 mhilliún seo gur fiú breis is €4 mhilliún cúnamh daonnúil iomlán na hÉireann chun tacú le muintir Éimin ó thús 2016, anuas ar bheagnach €2 mhilliún in 2015. Tugtar an cistiú d'Éimin trí na Náisiúin Aontaithe, Cumann na Croise Deirge agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar comhpháirtithe iontaofa linn iad agus atá ag obair ar an láthair.

Thug Cúnamh Éireann €1,850,000 d'Éimin in 2015 (€1 mhilliún do Chiste Comhthiomsaithe Daonnúil na Náisiún Aontaithe in Éimin; €750,000 do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge in Éimin, agus €100,000 do Oxfam Ireland), agus €2,100,000 in 2016 (do Chiste Comhthiomsaithe Daonnúil na Náisiún Aontaithe in Éimin, agus do Goal). Agus an cistiú a fógraíodh inniu san áireamh, beidh €5,950,000 tugtha d'Éirinn i gcúnamh daonnúil d'Éimin ó 2015 i leith.