Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Mórthionscnaimh fógartha ag an Aire Flanagan maidir le pasanna

Minister Charles Flanagan, Consalachta, Pasanna, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan TD, roinnt feabhsuithe ar an tseirbhís do chustaiméirí ó Sheirbhís na bPasanna, lena n-áirítear seirbhís fheabhsaithe i dtaobh rianú iarratais ar líne, trínar féidir le hiarratasóirí a n-iarratas ar phas a rianú go cruinn le barra beochana a thabharfaidh léargas dinimiciúil ar an dul chun cinn, chomh maith le seirbhís comhrá gréasáin ar na meáin shóisialta a éascóidh do chumarsáid fíor-ama idir Seirbhís na bPasanna agus iad siúd a d'iarr pas.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Flanagan:

"In 2015 d'fhógair mé Clár Athchóirithe cuimsitheach chun na Seirbhísí Pasanna a nuachóiriú a thuilleadh agus lena chinntiú go bhfreastalóidh siad ar riachtanais na saoránach sna deich mbliana amach romhainn. Beidh an clár á reáchtáil go dtí 2019 agus tá €18.6 milliún leagtha amach dó idir chaipiteal agus bhuiséad infheistíochta. Tá sé ina chuspóir leis seirbhís pasanna a sholáthar a bheidh níos éifeachtaí, níos comhtháite agus níos dírithe ar an saoránach, ina gcuirfear béim níos mó ar bhrath calaoise agus ar bhearta coiscthe chun sláine an phas Éireannaigh a chosaint.

"Le seoladh an chomhrá gréasáin agus na seirbhísí feabhsaithe i dtaobh rianú ar líne, cuirfear feabhas nach beag ar an sreabhadh faisnéise d'iarratasóirí ar phas. Fágann an feabhas ar chúrsaí rianaithe go mbeidh faisnéis níos cruinne, atá níos mó in oiriúint dóibh féin, ag iarratasóirí faoi cén uair a bheidh an pas acu. Fágfaidh sé sin níos éasca é taisteal a phleanáil agus laghdóidh sé an gá dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Pasanna chun an stádas is déanaí a fháil. Má bhíonn ceisteanna ag na custaiméirí, beidh freagra idirghníomhach le fáil ar an gcainéal comhrá gréasáin. Tá an rogha seo ina comhlánú ar bhealaí eile seirbhísí do chustaiméirí atá ann cheana féin amhail teachtaireachtaí díreacha ar Twitter agus seirbhísí líne teileafóin."

Beidh Seirbhísí Pasanna agus Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag glacadh páirte sa Taispeántas Holiday World an deireadh seachtaine seo ag an RDS i gCúirt Shíomóin (an 27-29 Eanáir). Beidh fáilte roimh gach duine a thabharfaidh cuairt ar Holiday World bualadh isteach chuig seastáin na Roinne ag an Taispeántas, agus beidh an deis acu iPad saor in aisce a bhuachan, chomh maith le ceist ar bith a chur i dtaobh pasanna nó taistil.

Agus é ag fógairt go mbeidh a Roinn ag glacadh páirte sa Taispeántas Holiday World, dúirt an tAire Flanagan:

"Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun moladh do dhaoine a chinntiú go bhfuil pas bailí acu sula gcuirfidh siad saoire in áirithe dóibh féin. Táimid ag teannadh le tráth gnóthach den bhliain do Sheirbhís na Pasanna agus is é an bealach is fearr lena chinntiú nach mbeidh díomá ort is nach gcuirfear isteach ar do chuid pleananna taistil ná neart ama a fhágáil faoi chomhair d'iarratais – moltar ar a laghad sé seachtaine a fhágáil roimh an dáta atá beartaithe agat dul ag taisteal."

Ag an Taispeántas Holiday World, beidh an fhoireann chonsalach ón Roinn ag díriú airde ar an aip fóin chliste Travelwise agus ar bhunachar sonraí na Comhairle Taistil. Is acmhainní luachmhara iadsan do shaoránaigh Éireannacha a bheidh ag taisteal thar lear, agus tugann siad eolas atá ábhartha, cruinn agus cothrom le dáta faoi cheisteanna slándála agus sábháilteachta, dlíthe agus nósanna áitiúla, agus a lán ábhar eile le haghaidh beagnach 200 tír ar fud an domhain. Is féidir leis an Roinn leas a bhaint as an aip chun dul i dteagmháil le saoránaigh i gcás éigeandála freisin.

Bhí Seirbhís na bPasanna an-ghnóthach in 2016. Is mó líon na pasanna a d'eisigh sí – os cionn 730,000 pas – ná mar a bhí amhlaidh in aon bhliain go dtí seo. Sin méadú 9% i gcomparáid le 2015 agus táthar ag ceapadh go gcoinneofar leis an treocht sin sna blianta amach romhainn.

CRÍOCH