Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra ón Aire Coveney go bhfuil níos mó ná leath mhilliún pas eisithe cheana féin i mbliana

Minister Simon Coveney, Pasanna, Preas Ráiteas, Éireann, 2017


"Rachaidh sé sin chun do thairbhe féin agus cuideoidh sé linne freastal ort"

D'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney TD, go bhfuil breis is 500,000 pas eisithe ag Seirbhís na bPasanna cheana féin i mbliana.

Ag trácht dó ar na figiúirí, dúirt an tAire Coveney:

"Agus muid beagán thar leath bealaigh trí 2017, tá breis is 500,000 pas eisithe ag Seirbhís na bPasanna cheana féin, agus tá ardú 10% ar an meán tagtha ar líon na n-iarratas i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

"Ó seoladh an tseirbhís ar líne chun pasanna a athnuachan ag deireadh mí an Mhárta ag www.dfa.ie/ie/pasarline/, cuireadh go mór lenár gcumas freastal ar an éileamh ard ar phasanna. Is iarratais ar athnuachan ar líne iad beagnach 17% de na hiarratais go léir anois, cuid mhór chun tosaigh ar an líon a bhí réamh-mheasta againn.

"Is é an spriocthréimhse eisiúna le haghaidh athnuachan ar líne ná deich lá oibre móide am an phoist. Ach, go deimhin, tá 90% de na hiarratais ar líne á bpróiseáil laistigh de chúig lá oibre. Mar sin, is sampla iontach í an tseirbhís athnuachana ar líne den nuálaíocht a spreagann barr feabhais maidir le seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh na hÉireann.

"Ina theannta sin, tá an spriocthréimhse eisiúna (cúig lá oibre déag) á comhlíonadh againn maidir le hathnuachan trí Sheirbhís na bPasanna Luais, in ainneoin líon mór na n-iarratas. Glactar níos mó ama i leith iarratais chéaduaire agus iarratais ar athnuachan i gcás pasanna a ligeadh amú nó a goideadh mar gheall go bhfuil gá le seiceálacha breise.

"Ba mhaith liom iarraidh ar dhuine ar bith atá ag cur isteach ar phas dul ar dtús chuig an suíomh gréasáin, www.dfa.ie/ie/pasanna-saoranacht/, lena fháil amach cén tseirbhís agus cén tréimhse eisiúna is fearr a oireann dó nó di."

"Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin lena chur i gcuimhne d'aon teaghlach atá ag brath dul thar lear le linn na seachtainí atá fágtha de laethanta saoire an tsamhraidh a sheiceáil go bhfuil pasanna a gcuid leanaí fós bailí. Is giorra an tréimhse bhailíochta i gcás pasanna leanaí ná pasanna daoine fásta."

"Mar sin, i gcás duine ar bith atá fós ag tnúth le laethanta saoire an tsamhraidh thar lear, chuirfinn an chomhairle shimplí seo ort:

"Rachaidh sé sin chun do thairbhe féin agus cuideoidh sé linne freastal ort"

Chomh maith leis sin, chuir an tAire Coveney i gcuimhne do dhaoine a bhfuil pas acu iad féin a chlárú le hoifig na bpasanna ag https://www.eforms.gov.ie/ga/reminder/passport/ chun ríomhphost meabhrúcháin saor in aisce a fháil maidir le pas a athnuachan, agus Travelwise, aip thaistil ghradamach na Roinne, a íoslódáil.

CRÍOCH