Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Coveney ag triall ar Pháras, Londain agus an mBratasláiv

Minister Simon Coveney, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a bhfuil freagracht air as an mBreatimeacht, Simon Coveney TD, ag triall ar Pháras, Londain agus an mBratasláiv le haghaidh cruinnithe faoin mBreatimeacht

Tá an tAire Coveney ag tabhairt faoi chlár trí lá cruinnithe i bPáras, i Londain agus sa Bhratasláiv, agus beidh an Breatimeacht ar bharr an chláir oibre i ngach phríomhchathair díobh.

Ag labhairt dó roimh imeacht go Páras, dúirt an tAire Coveney:

"Tá clár fada cruinnithe agam an tseachtain seo, sa tír seo agus thar lear, chun leanúint ar aghaidh ag cothú tuisceana agus tacaíochta i ndáil le hábhair imní ar leith na hÉireann maidir leis an mBreatimeacht. Anois agus an chaibidlíocht tosaithe, tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh an Rialtas leis an rannpháirtíocht straitéiseach lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach chun tosaíochtaí na hÉireann a chur chun cinn sa chaibidlíocht faoin mBreatimeacht, agus chun a bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe le féachaint chuige go gcosnófar leasanna an Aontais Eorpaigh agus leasanna na hÉireann dá réir. Is i gcroílár an Aontais Eorpaigh atá todhchaí na hÉireann agus dá bhrí sin is tábhachtach na cainteanna iad seo i dtaobh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gclár oibre faoi thodhchaí na hEorpa lena chinntiú go leanfaidh an tAontas Eorpach ar aghaidh ag cothú síochána, slándála agus rathúnais dár saoránaigh feasta.

"Ar an gCéadaoin beidh mé i bPáras ag bualadh le hAire nua na Fraince um an Eoraip agus um Ghnóthaí Eachtracha, Jean-Yves Le Drian. Is comhpháirtí tábhachtach de chuid na hÉireann í an Fhrainc agus fáiltím roimh an deis seo chun treisiú a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach eadrainn agus an Breatimeacht a phlé, chomh maith le clár oibre an Aontais Eorpaigh agus mórcheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.

"Ar an Déardaoin i Londain beidh an chéad chruinniú substaintiúil agam le David Davis, Státrúnaí an Bhreatimeachta agus Príomhchaibidleoir na Ríochta Aontaithe i leith na caibidlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Bainfidh mé leas as an gcéad chruinniú sin eadrainn chun príomhábhair imní agus príomhthosaíochtaí na hÉireann a leagan amach mar atá léirithe sa seasamh ón Aontas Eorpach agus chun éisteacht le seasamh na Ríochta Aontaithe."

"Ar an Aoine beidh mé sa Bhratasláiv chun bualadh leis an Uasal Miroslav Lajcak, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Eorpacha, chun réimse ceisteanna a phlé, lena n-áirítear an Breatimeacht agus Todhchaí an Aontais Eorpaigh. Tapóidh mé an deis freisin chun labhairt ag comhdháil d'Ambasadóirí na Slóvaice faoin mBreatimeacht agus faoin tionchar a bheidh aige ar oileán na hÉireann, lena n-áirítear na dúshláin i ndáil leis an bpróiseas síochána."

Tiocfaidh na cruinnithe sin sna sála ar an gcuairt a thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, Timo Soini, orainn ar an Luan an 3 Iúil. Thug seisean cuairt ar an Teorainn agus phléigh sé féin agus an tAire Coveney tosaíochtaí na hÉireann i leith an Bhreatimeachta, agus ar an gcuairt a thug Fiona Hyslop, Rúnaí Comh-aireachta Fheidhmeannas na hAlban um Ghnóthaí Eachtracha, ar an Máirt an 4 Iúil.

CRÍOCH
An Phreasoifig
5 Iúil 2017