Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Coveney tráth a ghlac na N.A. Conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha

Minister Simon Coveney, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Ráiteas ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney, tráth a ghlac na Náisiúin Aontaithe Conradh maidir le Toirmeasc ar Airm Núicléacha, d'fhonn fáil réidh leo ar fad

Is deimhin gur stairiúil an lá é inniu ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil tromlach mór de na stáit tar éis an chaibidlíocht a chur i gcrích i ndáil le Conradh nua chun airm núicléacha a thoirmeasc, d'fhonn fáil réidh leo ar fad.

Tréaslaím le gach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha agus le comhpháirtithe na sochaí sibhialta as an éacht sin. Tá Éire bródúil as ról ceannaireachta a bheith aici, in éineacht leis an Ostair, an mBrasaíl, Meicsiceo, an Nigéir, agus an Afraic Theas, i ndáil leis an Rún de chuid na Náisiún Aontaithe a mholadh faoinar tionóladh an Chomhdháil Taidhleoireachta ina ndearnadh caibidlíocht ar an gconradh ceannródaíoch sin. Toradh dearfach is ea an téacs a glacadh inniu ar an gcéad caibidlíocht iltaobhach faoin dí-armáil núicléach le breis is 20 bliain anuas.

Tá an Conradh nua ag teacht go hiomlán le cuspóirí na Náisiún Aontaithe. Sa chéad Rún riamh ó na Náisiúin Aontaithe in 1946, éilíodh tograí maidir le hairm adamhacha agus gach mór-arm eile is féidir a chur in oiriúint don ollscriosadh a dhíothú ó armálacha náisiúnta. Bhí Éire seasta ar thús cadhnaíochta san iarracht chun dí-armáil núicléach a bhaint amach ó chuamar isteach sna Náisiúin Aontaithe os cionn seasca bliain ó shin. Go deimhin, ba as 'Rúin na hÉireann' in 1958 a thig an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach, agus, mar aitheantas air sin, ba í Éire an chéad stát ar tugadh cuireadh di é a shíniú. Measaimid go ndéanann an Conradh nua neartú ar an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach agus ar an bhfís chomhroinnte atá againn den domhan gan aon airm núicléacha ann.

Comhlánaítear an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach leis an gConradh nua seo, ach déantar feidhmiú air freisin. Bhí sé beartaithe i gcónaí sa Chonradh in aghaidh Iomadú Núicléach go nglacfaí bearta éifeachtacha breise maidir le dí-armáil núicléach agus tá an conradh nua seo ar cheann de na bearta sin. Ní hé an t-aon bheart amháin é atá de dhíth, ach is céim chun cinn é agus is maith mar is eol dúinn go gcaithfidh gach aistear tosú leis an gcéad chéim.

Ar an mbóthar dúshlánach chuig an domhan a bheith saor ó airm núicléacha, is pointe cinniúnach tábhachtach é an Conradh seo. Tá a rogha déanta ag formhór na dtíortha faoin mbealach chun cinn. Is sa chatagóir chéanna anois atá na hairm núicléacha agus na hairm ollscriosta eile go léir, a bhí toirmiscthe cheana.

Bunófar norm domhanda tábhachtach nua faoin gConradh seo agus cabhróidh sé linn leanúint ar aghaidh ag cur leis an bhfeasacht faoin mbaol a bhaineann leis na hairm sin a bheith ann. Tugtar ómós leis do chuimhne na ndaoine a maraíodh de bharr airm núicléacha agus don ról ríthábhachtach a bhí acu siúd a tháinig slán maidir leis an bhfianaise bheo a thabhairt lena chinntiú nach n-úsáidfear na hairm sin choíche feasta. Ina theannta sin, soláthraítear ann bealaí aontachais i gcomhair na Stát sin a bhfuil airm núicléacha acu, nuair a chinnfidh siad a bheith páirteach ann.

Chuaigh Éire i mbun an phróisis caibidlíochta seo agus meon diongbháilte dóchasach aici. Mar a dúirt Seamus Heaney, “hope is not optimism, which expects things to turn out well, but something rooted in the conviction that there is good worth working for”. Is tráthúil agus is fíor-riachtanach an Conradh é seo mar gheall ar iarmhairtí tubaisteacha daonnúla na n-arm núicléach, mar gheall ar an tionchar a imríonn siad ar gach ceann dár dtiomantas domhanda eile agus, mar a deir Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, mar gheall nach ann in aon chor do fhreagairt dhaonnúil ar bith dóibh ar leor í. Léirítear leis an gConradh an chumhacht a bhíonn ag an iltaobhachas freagrach agus é i ngníomh agus an cumas atá againn an domhan a athrú, céim amháin ag an am, ar mhaithe le gach duine. Táim ag tnúth leis an searmanas sínithe ag na Náisiúin Aontaithe i mí Mheán Fómhair.

CRÍOCH
An Phreasoifig
7 Iúil 2017