Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Simon Coveney, faoi chainteanna Stormont

Minister Simon Coveney, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

"Tar éis na trí lá dianchaibidlíochta atá imithe tharainn, tá misneach agam go bhfuil teagmháil dháiríre fós ar bun idir na páirtithe.

"Tá dul chun cinn nach beag déanta – cé go bhfuil bearnaí fós le líonadh ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha.

"Ach oiread leis an Státrúnaí, creidim gur féidir fós comhaontú a dhéanamh – comhaontú faoina bhféadfaí Feidhmeannas comhroinnte a bhunú ar bhonn inbhuanaithe.

"Leanaimid ar aghaidh ag díriú ar an gcomhaontú sin a dhéanamh agus tá na cainteanna fós ar bun. Is é an rud is tábhachtaí dea-thoradh a bheith ar an bpróiseas sin.

"Tá gach páirtí tiomanta d'fheidhmiú rathúil gach ceann d'institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá gach duine cinnte gurb é an cineachadh an bealach is mó a rachaidh chun tairbhe gach duine i dTuaisceart Éireann.

"Ach misneach agus dea-thoil a bheith againn is féidir an méid sin a bhaint amach agus tá gach duine anseo fós ag díriú ar an dea-thoradh sin".