Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éireannaigh gan cáipéisí inimirce faoi chaibidil ag an Aire Stáit McHugh ag cruinnithe in Washington

Minister Joe McHugh, Éireannaigh thar lear, Preas Ráiteas, Meiriceá Thuaidh, 2017

An tAire Stáit McHugh ag bualadh le Stiúrthóir Oifig an Tí Bháin um Bainistíocht agus Buiséad, Mick Mulvaney, agus leis an bhFeisire Brendan F. Boyle

Bhí cruinnithe ag an Uasal Joe McHugh, TD, an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, inniu le daoine tábhachtacha den phobal Gael-Mheiriceánach chun cás na nÉireannach gan cáipéisí inimirce a bhfuil cónaí orthu sna Stáit Aontaithe a phlé.

Bhuail an tAire McHugh leis an bhFeisire Brendan F. Boyle agus le Stiúrthóir na hOifige um Bainistíocht agus Buiséad, Mick Mulvaney, in Washington DC. Tagann an cruinniú sin sna sála ar chruinnithe le déanaí le hionadaithe na n-ionad inimirce Éireannach in Philadelphia agus in Nua-Eabhrac i gcomhair coinní a bhain le Lá Fhéile Pádraig. Bhí teagmháil leis an mórphobal Éireannach i gceist sna cruinnithe sin chomh maith, lena n-áirítear saoránaigh Éireannacha gan cáipéisí inimirce.

I ndiaidh chruinnithe an lae inniu, dúirt an tAire McHugh: 'Is ríthábhachtach an rud é dul i gcomhairle le lucht an Pháirtí Dhaonlathaigh agus an Pháirtí Phoblachtaigh araon chun tacaíocht a chothú don athchóiriú inimirce ar an dá thaobh. Bhí áthas orm plé torthúil a bheith agam le Mick Mulvaney, Stiúrthóir na hOifige um Bainistíocht agus Buiséad agus leis an bhFeisire Boyle faoinár gcuid saoránach gan cháipéisí agus faoina bhfuil i ndán don athchóiriú inimirce sna Stáit Aontaithe.'

CRÍOCH
An Phreasoifig
22 Márta 2017

Nóta d'Eagarthóirí