Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Flanagan: na toghcháin i dTuaisceart Éireann agus an bealach chun cinn

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, 2017

I ndiaidh thoradh na dtoghchán i gcomhair Thionól Thuaisceart Éireann, labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, maidin inniu le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, agus le roinnt de cheannairí na bpríomhpháirtithe i dTuaisceart Éireann.

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Taoiseach agus an Príomh-Aire faoi seach, tá dá Rialtas ar aon intinn go bhfuil gá le dlúth-theagmháil – mar a léirítear thíos – chun tabhairt faoi cheisteanna agus gealltanais nach bhfuil réiteach faighte orthu ó chomhaontuithe roimhe seo agus lena chinntiú go mbunófar sula i bhfad Feidhmeannas éifeachtach ar féidir leis toradh a bhaint amach do mhuintir Thuaisceart Éireann le meon na comhpháirtíochta agus an chóimheasa.

Dúirt an tAire Flanagan:

"D'aontaigh mé féin agus an Státrúnaí Brokenshire go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach do mhuintir Thuaisceart Éireann go rachaidh na hinstitiúidí polaitiúla, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, i mbun a gcuid oibre arís go prás, go háirithe ionas gur féidir leo dul i ngleic go héifeachtach leis na ceisteanna atá le réiteach de bharr Brexit. I mo chuid comhráite le ceannairí na bpáirtithe, rinne mé comhghairdeas le gach duine acu ar an sainordú toghchánach a bhí bainte amach acu agus spreag mé iad chun a gcion a dhéanamh i dtaobh chothú na ndálaí faoina bhféadfaí Tionól agus Feidhmeannas nua comhroinnte cumhachta a bhunú."

Tá gá le plé láithreach leis na páirtithe i dTuaisceart Éireann a bheidh dírithe (a) ar cheisteanna nach raibh réitithe go fóill, lena n-áirítear cur chun feidhme na gcomhaontuithe a rinneadh roimhe seo agus aghaidh a thabhairt ar oidhreacht an ama atá caite; agus (b) ar Fheidhmeannas comhroinnte cumhachta nua a bhunú. Is riachtanach iad an dá shnáithe den phlé agus tá siad spleách ar a chéile.

Ní mór déileáil le ceisteanna atá fós gan réiteach ó chomhaontuithe roimhe seo chun muinín a chothú ag an am ríthábhachtach seo i dtaobh rialtas cineachta i dTuaisceart Éireann. I gcás gach páirtí atá i dteideal Airí a ainmniú chuig an bhFeidhmeannas, tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí a bheidh á n-éascú ag an dá Rialtas de réir comhaontaithe roimhe seo.

Trí seachtaine atá ann chun Feidhmeannas nua a bhunú. Tá sainordú nua faighte ag na páirtithe polaitíochta go léir. Tá freagrachtaí ar leith ar an dá pháirtí atá i dteideal an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a ainmniú i dtaobh dul i gcomhairle lena chéile, agus plé a chur chun cinn leis na páirtithe polaitíochta incháilithe go léir, ar bhunú Feidhmeannais nua.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Flanagan:

"I gcroílár Chomhaontú Aoine an Chéasta tá a chuid institiúidí polaitiúla idirnasctha. Ní féidir iad a chothú, áfach, ach ar bhonn na comhpháirtíochta, an chomhionannais agus an chóimheasa. Ina cháil mar chomhráthóir, tá Rialtas na hÉireann meáite ar sheasamh le prionsabail an Chomhaontaithe agus a chuid institiúidí a chosaint. Sna seachtainí amach romhainn, beimid ag obair le gach duine lena mbaineann ionas go mbeidh an Tionól agus an Feidhmeannas comhroinnte cumhachta i mbun oibre go héifeachtach muinteartha arís."

CRÍOCH
An Phreasoifig
5 Márta 2017