Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seirbhís Ar Líne na nIarratas ar Phas á Seoladh ag an Aire Flanagan

Minister Charles Flanagan, Pasanna, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Inniu sheol an tUasal Charlie Flanagan TD, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tSeirbhís nua chun Iarratas Ar Líne a Dhéanamh ar Phas. Leis an tseirbhís seo, beidh daoine fásta in ann athnuachan ar líne a dhéanamh ar a gcuid leabhar pas agus cártaí pas cibé cén áit ar domhan atá siad.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá mé thar a bheith sásta a fhógairt gurb amhlaidh, ón lá inniu amach, go mbeidh saoránaigh Éireannacha, cibé cén áit ar domhan a bhfuil siad, in ann a gcuid pasanna a athnuachan ar líne, ar láithreán gréasáin mo Roinne.

"Tá seoladh Sheirbhís Ar Líne na nIarratas ar Phas ar cheann de na nuálaíochtaí is suntasaí maidir le seirbhís do chustaiméirí atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn seo le cúig bliana déag anuas.

"Dul chun cinn spreagúil is ea an tseirbhís nua seo, a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh Éireannacha ó thaobh tréimhsí eisiúna, áisiúlachta agus slándála.

"Tá an tseirbhís ar fáil do shaoránaigh os cionn 18 mbliana d'aois a bhfuil pas acu cheana féin agus is tréimhse deich lá oibre móide am sa phost atá luaite i dtaobh eisiúna, cibé cén áit ar domhan atá an t-iarratasóir.

"Beidh an rogha ag na hiarratasóirí a gcuid pasanna a athnuachan trína gcuid ríomhairí pearsanta, a dtáibléid nó a bhfóin phóca; grianghraif díobh féin a glacadh i gceann de na bothanna "Photo-Me” ar fud na tíre a thógann grianghraf digiteach, nó dul go dtí soláthraí grianghraf cosúil le grianghrafadóir nó cógaslann atá in ann grianghraf digiteach a chur ar fáil dóibh ar dhlúthdhiosca, USB nó ar an ríomhphost.

"Leis an tseirbhís chuíchóirithe seo beidh an áis ag iarratasóirí faisnéis, lena n-áirítear grianghraif, a chur isteach go digiteach agus ní bheidh gá le foirmeacha a fhianú ná grianghraif a phriontáil.

"Tá nuachóiriú seo na seirbhíse ar an sampla is déanaí de thiomantas mo Roinne do seirbhísí nuálacha a sholáthar dár gcuid saoránach.

"Le 18 mí anuas tá an Cárta Pas agus an aip Travelwise tugtha isteach againn, agus anois inniu tá Seirbhís Ar Líne na nIarratas ar Phas á seoladh. Leis na nuálaíochtaí sin go léir, cuirtear an bhéim is mó ar na saoránaigh sna seirbhísí a sholáthraímid."

Dúirt an tAire freisin:

"Ba mhaith liom moladh ó chroí a thabhairt do na cuideachtaí Éireannacha a chuidigh le seoladh na seirbhíse seo, lena n-áirítear Action Point i Luimneach, Absolute Graphics i mBré, BearingPoint agus Photo-Me – ár gcomhpháirtithe i dtaobh grianghraif dhigiteacha a sholáthar i gcomhair pasanna."

Tá gach eolas mar gheall ar Sheirbhís Ar Líne na nIarratas ar Phas ag www.dfa.ie/ie/pasarline

Inniu freisin d'fhógair an tAire athbhreithniú ar na táillí pas.

"Tá struchtúr táillí nua á thabhairt isteach agam i gcomhair seirbhísí ar líne. Gearrfar na táillí céanna is atá i bhfeidhm i gcás Sheirbhís na bPasanna Luais agus beidh laghdú €10 i gceist i gcás iarratasóirí a dhéanfaidh iarratas ar leabhar pas agus cárta pas ar líne ag an am céanna.

"Níl aon athrú déanta ó 2013 i leith ar an táille chaighdeánach a ghearrtar ar Sheirbhís na bPasanna Luais ná ar na táillí reachtúla iomlána.

"Beidh pasanna páistí bailí ar feadh cúig bliana anois ar chostas €30 agus is féidir iarratas a dhéanamh orthu trí Sheirbhís na bPasanna Luais. Ní bheidh fáil a thuilleadh ar an bpas trí bliana do naíonáin.

"Dul chun cinn suntasach eile is ea an pas cúig bliana a bheith ar fáil do gach páiste atá seacht mbliana déag d'aois nó níos óige, agus tá sé dírithe ar fheabhas a chur ar an tseirbhís do chustaiméirí, tuismitheoirí paistí óga sa chás seo.

"Fágfaidh an caighdeánú ar phasanna páistí gur lú an mearbhall a bheidh ar thuismitheoirí faoi dhátaí éaga ar phasanna páistí agus go mbeidh seirbhís na bpasanna níos éifeachtaí.

"Tá mé deimhin go bhfuil luach a gcuid airgid á fháil ag custaiméirí pas go fóill, go háirithe i gcomparáid le táillí i dtíortha inchomparáide eile."

Is féidir na sonraí iomlána faoin athbhreithniú ar na táillí pas a léamh ag www.dfa.ie/ie/pasanna-saoranacht/ceisteanna-coitianta/tailli-pasanna

Críoch