Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Stáit Joe McHugh ag tabhairt cuairt ar Mhanchain agus Learpholl

Éireannaigh thar lear, Minister Joe McHugh, Preas Ráiteas, Éireann, An Bhreatain Mhór, 2017

Inniu thug an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh TD, faoi chuairt dhá lá ar Mhanchain agus Learpholl. Beidh sé ag bualadh le grúpaí pobail Éireannaigh sa dá chathair sin le linn na cuairte.

Tráthnóna inniu, chas an tAire McHugh le Méara Mhórcheantar Mhanchain, Andy Burnham, agus rinne sé a chomhbhrón leis agus chuir in iúl a dhlúthpháirtíocht tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta na seachtaine seo caite ag an Manchester Arena, inar maraíodh 22 duine. Bhuail an tAire freisin le hArd-Mhéara Mhanchain, an Comhairleoir Eddy Newman, agus shínigh sé an leabhar comhbhróin i Halla Baile Mhanchain.

Ag labhairt dó tar éis a chruinniú leis an Méara Burnham, dúirt an tAire McHugh:

"Bhí an chuairt seo beartaithe agam le tamall anuas ach bhí mé meáite ar a theacht tar éis ainghníomh uafásach na seachtaine seo caite. Sílim gur tábhachtaí ná riamh anois é bualadh lenár bpobal agus tacú leis na naisc sheanbhunaithe idir Éire agus Manchain tráth seo an chroíbhriste.

"Ionsaí orainn go léir a bhí in ionsaí sceimhlitheoireachta na seachtaine seo caite agus ba mhór an onóir dom mo chomhbhrón a dhéanamh, tríd an Méara Burnham agus an Ard-Mhéara Newman, agus thar ceann mhuintir na hÉireann, le teaghlaigh na 22 duine a maraíodh, agus gach rath a ghuí ar na daoine a gortaíodh agus ar mhuintir Mhanchain.

"Ba uafásach an t-ionsaí é seo ach léirigh an freagra ó mhuintir Mhanchain an chuid is fearr den daonnacht sna cúinsí ba mheasa a d'fheadfá a shamhlú. Tá a fhios agam go bhfuilim ag labhairt thar ceann mhuintir na hÉireann nuair a deirim gur mhór an spreagadh dom a bhí sa fhreagairt a thug muintir Mhanchain ar an ionsaí."

Ag labhairt go ginearálta dó mar gheall ar a chuairt, dúirt an tAire McHugh:

"Tá ceangal an-láidir idir Éire agus Manchain agus Learpholl i gcónaí. Níor chóir dúinn beag is fiú a dhéanamh den ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí pobail Éireannacha, ó ghrúpaí leasa go clubanna áitiúla CLG, maidir le tacaíocht a thabhairt dá bpobail áitiúla Éireannacha. Tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach atá á riar ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, tá an Rialtas fós ag tabhairt tacaíocht airgeadais don obair thábhachtach sin."

Tráthnóna inniu, tabharfaidh an tAire McHugh cuairt ar Ionad Oidhreachta Domhanda na hÉireann áit a mbeidh an deis aige bualadh le daoine den phobal Éireannach i Manchain.

Tabharfaidh an tAire cuairt ar Learpholl amárach. Agus é sa chathair sin, buailfidh sé le Leas-Seansailéir Ollscoil Learphoill, beidh bricfeasta aige le teagmhálaithe gnó Éireannacha, tabharfaidh sé cuairt ar Institiúid na hÉireann ag Ollscoil Learphoill, beidh lón aige le seanóirí Éireannacha ag Cumann Éireannach Learphoill agus buailfidh sé isteach chuig Irish Community Care, eagraíocht leasa na hÉireann i réigiún Learphoill.

Roimh a chuairt ar Learpholl, dúirt an tAire McHugh:

"Tá mé thar a bheith sásta an deis a bheith agam cuairt a thabhairt ar an bpobal bríomhar Éireannach i Learpholl, cathair atá geall le ceann Éireannach i súile a lán de mhuintir na hÉireann."

CRÍOCH

An Phreasoifig

30 Bealtaine 2017