Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Spreagaitheasc ón Aire ag seoladh na Tuarascála Stádais ó IIEA i ndáil leis an mBreatimeacht

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Spreagaitheasc ón Aire Flanagan os comhair lucht féachana mórthionchair agus seoladh á dhéanamh ag IIEA ar an Tuarascáil Stádais i ndáil leis an mBreatimeacht

Thug an tAire aitheasc os comhair 140 ionadaí as measc an lucht gnó, lucht tionsclaíochta, an chóir thaidhleoireachta, na ngairmeacha dlí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, ceardchumann, na meán, lucht acadúil agus lucht rialtais.

Leag an tAire amach cur chuige an Rialtais le 12 mhí anuas agus an dul chun cinn atá déanta go dtí seo lena n-áirítear aitheantas láidir ar chúiseanna imní agus tosaíochtaí ar leith na hÉireann sa seasamh atá ag an Aontas Eorpach i gcomhair na caibidlíochta faoin mBreatimeacht.

Leag an tAire béim ar na dúshláin atá romhainn sa chaibidlíocht.

Beidh an Rialtas ag díriú isteach go tréan ar ghné gheilleagrach an Bhreatimeachta sna seachtainí atá romhainn

Inniu (Dé hAoine) thug an tAire Flanagan spreagaitheasc ar an mBreatimeacht agus ar chur chuige an Rialtais i leith na caibidlíochta mar chuid de sheoladh na Tuarascála Stádais ó IIEA i leith an Bhreatimeachta. Leag an tAire amach ullmhúchán na hÉireann i gcomhair na caibidlíochta atá romhainn idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, ár dtosaíochtaí ina leith, agus an cur chuige ginearálta atá againn ina leith.

Chaith an tAire súil siar ar an tréimhse dhá mhí dhéag atá imithe tharainn ó thaobh an Rialtais de agus d'fhéach sé chun cinn ar an tréimhse dhá mhí dhéag atá romhainn, agus dúirt:

"Is iomaí meafar a oireann don chás ina bhfuilimid, ach roghnóidh mé féin ceann ó chúrsaí spóirt: más cluiche é seo ina bhfuil dhá leath déarfainn gur ghlacamar cur chuige stuama sna chéad 15 nóiméad agus gur féidir linn tógáil air sin agus muid ag treabhadh linn. Agus ar aghaidh linn más ea.

"Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ag an gcruinniú den Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta a tionóladh Dé Luain, aontaíodh na sonraí deiridh lena n-éascófar do thionscnamh na caibidlíochta faoi Airteagal 50.

"Is léir dúinn conas a fheidhmeoidh an próiseas – faoi cheannas an Uasail Barnier, faoi mhaoirseacht pholaitiúil na Comhairle Eorpaí – agus tá tuiscint chomh soiléir céanna againn ar na trí réimse ar a ndíreofar:

- Cearta na saoránach

- Socrú airgeadais na Ríochta Aontaithe

- Agus ceist na teorann ar oileán na hÉireann

"Tús maith leath na hoibre. Ach faoi scáth na simplíochta sa chur i láthair sin, tá cúram thar a bheith casta orainn. Fiú gan trácht ar bith ar an teorainn, baineann castacht ollmhór leis an dá réimse saincheisteanna eile.

"Maidir le cearta na saoránach – le bheith dearfach faoi, is léir go bhfuil dea-thoil pholaitiúil ar an dá thaobh i leith réitigh a aimsiú. Ach beidh na mionsonraí casta – tá a lán ceisteanna tábhachtacha le réiteach a bhaineann le cearta cónaithe, cearta oibre, agus gnéithe den rochtain ar chúram sláinte agus ar oideachas. É sin ráite, creidim gur féidir comhaontú i bprionsabal a bhaint amach ar chosaint chómhalartach do chearta saoránach, agus nach mór tús áite a thabhairt dó sin.

"Bhainfeadh tábhacht leis sin i gcás saoránaigh aonair de chuid an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe a bhfuil an easpa cinnteachta ag goilleadh orthu faoi láthair. Níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh choíche go mbaineann an rud seo go léir le saol daoine agus go gcaithfear a gcuid leasanna a chur sa chéad áit.

"Ina theannta sin, áfach, ach comhaontú i bprionsabal a bhaint amach ar an tsaincheist in, chothófaí an mhuinín idir an dá pháirtí ag céim luath de phróiseas caibidlíochta a bheidh deacair agus casta. Cuimhnímis go bhfuil sé chun leasa gach duine go gcuirfear tús maith leis an gcaibidlíocht seo, agus go dtabharfar fúithi le meon cuiditheach.

"Maidir leis an socrú airgeadais, tá mionsonraí an cháis chomh casta céanna. Ní fheictear dom gur cúnamh ar bith é trácht a thabhairt ar an méid atá ráite sna meáin – agus ná déanaimis dearmad go bhfuil feachtas olltoghcháin ar siúl trasna na farraige – ach déarfaidh mé an méid seo: Ghlac rialtas na Breataine leis tríd síos nach mór dóibh oibleagáidí agus dliteanais áirithe a chomhlíonadh ina gcáil mar Bhallstát atá ag imeacht ón Aontas, mar chuid de na socruithe scoir.

"Tá sé sin ar an taifead poiblí. Níl sé i gceist in aon chor go bhfuil pionós le gearradh ar an Ríocht Aontaithe ná go bhfuil 'bille' fágála á eisiúint. Níl ann ach go bhfuil ionchas dlisteanach ann ar thaobh an Aontais Eorpaigh go gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe aon ghealltanais airgeadais atá tugtha aici cheana féin. Tabharfar aghaidh ar an gceist sin mar chuid den phróiseas caibidlíochta – agus níl díospóid ar bith ann faoin méid sin. Ach bainfidh tábhacht le láimhseáil na ceiste.

"Mar sin, seachas a bheith ag díriú ar na figiúirí, rud ar féidir leis argóintí gan ghá a spreagadh, ceapaim go bhfuil cur chuige cliste á ghlacadh ag an gCoimisiún i leith na caibidlíochta – féachaimis ar an modheolaíocht ar dtús, déanaimis na prionsabail a chomhaontú, agus ansin déanaimis figiúr a ríomh ar bhonn na modheolaíochta sin.

Ag dul i ngleic dó le ceist an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe amach anseo, dúirt an tAire Flanagan:

"Thar aon rud eile, taispeánann an tráchtaireacht gan staonadh ar 'bille' sna meáin gur ceist an-pholaitiúil go deo é an Breatimeacht. Dírítear aird leis freisin ar an nasc idir an chaibidlíocht scoir agus an chaibidlíocht faoin gcaidreamh amach anseo. Tá a fhios againn, ó thaobh na Breataine, go bhfuil an-fhonn orthu dul ag plé le sonraí an chaidrimh a bheith idir iad féin agus an tAontas Eorpach amach anseo. Tuigimid dóibh, ach tacaímid freisin leis an tuairim atá ag 27 tír eile an Aontais nach féidir linn imeacht de sciuird chuig an dara chéim sin. I gcomhréir leis an gcreat dá bhforáiltear faoi Airteagal 50, ní mór dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh na saincheisteanna scoir sula bhféadfar tabhairt faoin gcaidreamh sa todhchaí.

"Ach sílim gur cheart dúinn dóchas a bheith againn go fóill – ach an dá thaobh a bheith pragmatach agus dea-thoil a bheith acu – go ndéanfar 'dul chun cinn sásúil' ar fud shaincheisteanna Airteagal 50 sna seachtainí agus na míonna amach romhainn ionas go bhféadfaidh an Chomhairle Eorpach a chinneadh dul ar aghaidh go dtí an dara céim, inar féidir dul i mbun na caibidlíochta mionsonraithe ar an gcomhaontú scoir i gcomhthráth leis na pléití faoin gcreat i gcomhair chaidreamh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas Eorpach amach anseo.

"Má éiríonn go geal leis an gcaibidlíocht, d'fhéadfadh sé gur i ndeireadh na bliana seo fiú a tharlóidh sé sin. Ní bheidh sé ina chúis iontais ag duine ar bith sa seomra seo gur ceist é an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a leagann an Rialtas tábhacht ollmhór léi. Tá a fhios againn go mbeidh tionchar an-mhór ag an mBreatimeacht ar gheilleagar na tíre seo i gcomparáid le tíortha eile. Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas gur mhaith linn dlúthchaidreamh trádála, a oiread is féidir, a bheith idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta. Beidh sé thar a bheith tábhachtach é sin a bhaint amach agus muid ag déanamh ár ndícheall an tionchair ar ár ngeilleagar a mhaolú. Dá bhrí sin, tá an Rialtas ag díriú go mór ar ghné gheilleagrach an Bhreatimeachta.

"Táthar ag obair ar phíosa eile mionanailíse ina scrúdófar impleachtaí geilleagracha an Bhreatimeachta, agus mar chuid den obair sin aithneofar bearta beartais intíre:

- chun ár ngeilleagar a chosaint ón tionchar diúltach a d'fhéadfadh a bheith ag an mBreatimeacht,

- chun cumas iomaíochta gheilleagar na hÉireann a threisiú, agus

- chun gach deis a d'fhéadfadh teacht chun cinn a thapú.

Mar sin, chuir mé an-spéis sna caibidlí sa Tuarascáil Stádas uaibh inar fhéach sibh ar an earnáil agraibhia, agus, ar leithligh, ar an ról atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide. Bhí an ceart agaibh agus é á aithint agaibh gur earnálacha túsline iad siúd i dtéarmaí thionchar an Bhreatimeachta ar gheilleagar na hÉireann. Is casta iad na ceisteanna atá á gcur de bharr na hanailíse. Agus má tá ceacht ar bith foghlamtha againn ón méid a tharla anuraidh, ní mór dúinn gan sciuird a thabhairt faoi fhreagraí ró-shimplí a chuirtear i láthair mar réitigh uileghabhálacha.

"Ina áit sin, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cur am agus iarracht isteach sa taighde, sa mhionanailís agus sa phleanáil. Dá réir sin, táim ag súil leis an obair seo uaibh a chuimsiú sa bhreithniú ar na príomh-shaincheisteanna atá faoi lánseol i gcroílár an Rialtais."

CRÍOCH

An Phreasoifig

26 Bealtaine 2017