Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cruinniú idir an tAire Coveney agus teaghlaigh Ballymurphy

Minister Simon Coveney, Nuacht/gné-alt, Tuaisceart Éireann, 2017

Bhuail an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Simon Coveney, T.D., inniu le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh in Ballymurphy in 1971.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Coveney:

"Bhí áthas orm bualadh inniu le teaghlaigh cuid de na daoine a maraíodh in Ballymurphy sa bhliain 1971. Is maith an rud é go leanfar ar aghaidh anois le hionchoisne úr i mí Mheán Fómhair 2018, tar éis feachtas fada a reáchtáil teaghlaigh Ballymurphy ar mhaithe leis an gceart atá acu an fhírinne a fháil faoin méid a tharla dá muintir. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí gan staonadh a rinne teaghlaigh Ballymurphy chun teacht chomh fada seo sa phróiseas.

Thacaigh an Rialtas lena bhfeachtas, lena n-áirítear in 2015 nuair a leagadh síos an Rún Dála Uile-Pháirtí, agus leanfaidh sé ar aghaidh ag seasamh i ndlúthpháirtíocht leis na teaghlaigh.

Tá súil agam, leis an ionchoisne an bhliain seo chugainn, go dtabharfar freagraí do na teaghlaigh, freagraí atá fós uathu tar éis sé bliana is daichead."

 Dúirt an tAire Coveney freisin:

"Is iomaí teaghlach íospartach eile fós a bhfuil an fhírinne agus an ceartas á lorg acu go fóill freisin, blianta fada tar éis a mbáis uaireanta.

Tacaíonn an Rialtas leis na moltaí a rinne an Tiarna Príomh-Bhreitheamh anuraidh chun leanúint ar aghaidh le hionchoisní oidhreachta nár reáchtáladh go fóill ionas nach mbeidh fanacht níos faide ar na teaghlaigh, agus ionas go gcomhlíonfar an oibleagáid faoi Airteagal 2 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i dtaobh imscrúdú éifeachtach ar gach cás báis.

Tá sé áitithe ag an Rialtas orthu siúd go léir a bhfuil freagrachtaí orthu maidir le hionchoisní oidhreachta dul ar aghaidh go práinneach le cur chun feidhme na moltaí ón Tiarna Phríomh-Bhreitheamh. Caithfear é sin a dhéanamh sa tréimhse seo atá romhainn.

Ina theannta sin, leanfaidh an Rialtas de bheith ag plé le Rialtas na Breataine agus leis na páirtithe polaitíochta chun bealach práinneach chun cinn a lorg i dtaobh creat oidhreachta faoi Chomhaontú Theach Stormont a bhunú ar bhealach a chomhlíonfaidh riachtanais agus ionchais dhlisteanacha na n-íospartach agus na marthanóirí go léir agus a chuideoidh le hathmhuintearas forleathan a chothú sa tsochaí mar chuid dhílis den Phróiseas Síochána."

 

CRÍOCH