Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

A gCuid Dintiúr á gcur i láthair ag na hAmbasadóirí nua

Minister Simon Coveney, Nuacht/gné-alt, Éireann, 2017

Inniu ag Áras an Uachtaráin, chuir a Soilse, Ambasadóir Chónaidhm na Rúise, Ambasadóir Ríocht na Beilge agus Ambasadóir Phoblacht na Portaingéile a gcuid Litreacha Aitheantais faoi bhráid an Uachtaráin. 

Bhí an tUasal Nikolay Ivanov, Leas-Cheann Misin, i gcuideachta a Shoilse an tUasal Yury Filatov, Ambasadóir Chónaidhm na Rúise.

Bhí a bhean chéile Joëlle De Bauw Uasal, agus an Leas-Cheann Misin, Bernadette Scheid Uasal, i gcuideachta a Shoilse an tUasal Pierre-Emmanuel De Bauw, Ambasadóir Ríocht na Beilge. 

Bhí an Leas-Cheann Misean, an tUasal Rogério Lopes, i gcuideachta a Shoilse an tUasal Miguel de Almeida e Sousa, Ambasadóir Phoblacht na Portaingéile.

Is é an tUasal Ciarán Cannon, T.D., an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta a bhfuil freagracht ar leith air as an Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, a rinne ionadaíocht ar an Rialtas ag an searmanas.

Bhí na daoine seo a leanas i láthair freisin:  An tUasal Conor Ó Raghallaigh, Leas-Ardrúnaí an Uachtaráin; an Coirnéal Michael Kiernan, Aide-de-Camp an Uachtaráin; an tUasal Eamonn McKee, Rúnaí Cúnta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; an tUasal Feilim McLaughlin, an tUasal Joe Brennan agus Claire Buckley, Uasal, an Rannóg Prótacail, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Rinneadh na hAmbasadóirí a thionlacan chuig Áras an Uachtaráin agus uaidh le Coimhdeacht Onóra de dhíorma gluaisrothaithe ón 2ú Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Dara Leifteanaint Jason Nugent.

Chuir an Chéad Scuadrún Marcra Armúrtha, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara, Garda Onóra ar bun, faoi cheannas an Leifteanaint Cathal Sweeney.  

Is é an Captaen Fergal Carroll a stiúir Armbhanna Uimh. 1, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath. 

  

Críoch