Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra ón Aire Coveney go bhfuiltear chun 5 Mhisean Taidhleoireachta Éireannacha Nua a Bhunú

Minister Simon Coveney, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Fógra ón Aire Coveney go bhfuiltear chun 5 Mhisean Taidhleoireachta Éireannacha Nua a Bhunú

agus Treisiú a dhéanamh ar Bhearta Freagartha i leith an Bhreatimeachta

• Buiséad na hÉireann don Chúnamh Oifigiúil Forbartha á ardú go €707 Milliún

Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Simon Coveney T.D., go mbeidh Éire ag oscailt misin taidhleoireachta nua sa tSile, sa Cholóim, san Iordáin, in Vancouver agus in Mumbai mar chuid de phacáiste foriomlán an Rialtais faoi Bhuiséad 2018. Cuirfear cistiú breise i dtreo na n-acmhainní i leith an Bhreatimeachta, tar éis bearta a bheith glactha le déanaí chun cur le líon na mball foirne atá ag obair ar an mBreatimeacht sa Cheanncheathrú agus i bpríomhchathracha móra na hEorpa cosúil leis an mBruiséil, Beirlín, Páras agus Londain.

Ag labhairt dó tráthnóna ó Theach Laighean, dúirt an tAire Coveney:

"Le fógairt na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí Éireannacha nua seo, tá céimeanna tosaigh tábhachtacha á nglacadh maidir lenár lorg domhanda a leathnú agus ár bpunann trádála a éagsúlú agus muid ag ullmhú le haghaidh imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

Cabhróidh na hAmbasáidí nua in Santiago na Sile agus in Bogotá na Colóime le trádáil agus infheistíocht leis an dá thír sin a chur chun cinn. Is tír ardioncaim í an tSile, agus is aici atá an geilleagar is iomaíche i Meiriceá Laidineach, agus an rátáil infheistíochta is airde sa réigiún. Ach oiread le hÉirinn, is geilleagar trádála oscailte í ag a bhfuil líonra leathan comhaontuithe trádála, agus comhaontuithe leis an Aontas Eorpach ina measc. Is margadh í an tSile atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil gealladh faoi do chuideachtaí Éireannacha i roinnt earnálacha, lena n-áirítear an teicneolaíocht, an t-ardoideachas, trealamh teileachumarsáide agus fuinneamh in-athnuaite.

Tá daonra beagnach 50 milliún duine sa Cholóim, agus tá an t-ioncam in aghaidh an duine dúbailte sa tír sin le deich mbliana anuas. Tá luach na trádála idir Éire agus an Cholóim méadaithe faoi thrí ó 2012 agus tá roinnt cuideachtaí Éireannacha gníomhach sa tír sin cheana féin. Tá Comhaontú Saorthrádála ag an tSile leis an Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin tá rochtain éasca ag onnmhaireoirí agus infheisteoirí Éireannacha uirthi. Beidh an Ambasáid nua dár gcuid ina bonn taca d'Éirinn maidir le cuidiú leis an bpróiseas síochána sa Cholóim, lenar cuireadh deireadh le caoga bliain den choinbhleacht in 2016

Tá sé beartaithe againn freisin Ambasáid a oscailt in Amman, san Iordáin, áit thar a bheith straitéiseach i dtéarmaí na hoibre agus na hinfheistíochta a dhéanaimid sa Mheánoirthear. Cuirfidh an Ambasáid sin ar ár gcumas dúinn tógáil ar ár gcomhpháirtíocht pholaitiúil leis an Iordáin, obair i ndlúthpháirt lenár nÓglaigh sa réigiún agus maoirseacht a dhéanamh ar an gcúnamh daonnúil uainn (€25 milliún sa réigiún anuraidh). 

Le hoscailt na Consalachta i gcathair Vancouver in iarthar Cheanada, léirítear neart an chaidrimh idir Éire agus Ceanada, tábhacht gheilleagrach an réigiúin sin a bheith ag dul i dtreise, agus freisin go bhfuil cónaí ar phobal mór Éireannach sa chathair. Rachaidh sé sin chun tairbhe dúinn agus muid ag cabhrú le lucht gnó na hÉireann leas iomlán a bhaint as na deiseanna atá le tapú faoin gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, agus beidh an Chonsalacht ina tairseach do ghnólachtaí Éireannacha chuig tuaisceart Cheanada.

Le hoscailt na Consalachta in Mumbai, príomhchathair thráchtála na hIndia, déanfar neartú mór ar an láithreacht atá againn i dtír atá ina comhpháirtí straitéiseach eile de chuid na hÉireann. D'onnmhairíomar luach beagnach €3 bhilliún earraí agus seirbhísí chuig an India in 2016 agus cuirfidh an Chonsalacht nua ar ár gcumas dúinn Áras na hÉireann a bhunú chun éascú do rannpháirtíocht níos mó na ngníomhaireachtaí Stáit Éireannacha ar fud iarthar na hIndia.

Cheana féin tá an tSeapáin ar an gcomhpháirtí trádála is mó dár gcuid san Áise le haghaidh seirbhísí agus is margadh í a bhfuil borradh fúithi dár n-onnmhairí bia. Ag tógáil dó ar na deiseanna atá le tapú de bharr an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche nua idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, chuir an Rialtas cistí ar fáil chun dul i mbun oibre an bhliain seo chugainn ar Áras na hÉireann i dTóiceo, tionscnamh ceannródaíoch nua a chuideoidh linn na deiseanna sin a thapú."

Maidir le bearta breise chun dul i ngleic le tionchar an Bhreatimeachta, dúirt an tAire Coveney:

"Tá bearta déanta againn cheana féin chun ár bhfoirne Breatimeachta a mhéadú i mo Roinn i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil, i mBeirlín, i bPáras agus i Londain agus chun a chinntiú go mbeidh ár nAmbasáidí ar fud an Aontais Eorpaigh ag obair as lámha a chéile ar an tsaincheist seo a mbaineann tosaíocht mhór léi d'Éirinn.

Leis an mBuiséad seo, tá na bearta sin á gcur ar bhonn inbhuanaithe agus beidh an deis againn anois foireann an Bhreatimeachta dár gcuid a mhéadú a thuilleadh de réir mar a leanfar leis an bpróiseas. 

Is mór an tairbhe a bhaineamar as an gcinneadh Ambasáid a choinneáil ar bun i ngach Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh, fiú le linn na géarchéime airgeadais. Ó reáchtáladh vóta na Ríochta Aontaithe ar an mBreatimeacht, is léir gur chríonna an cinneadh é sin. Is mian liom anois go leanfaimid ar aghaidh agus go bhféachfaimid ar chur leis an láithreacht taidhleoireachta agus an láithreacht gheilleagrach atá againn ar fud an Aontais Eorpaigh, a bheidh fós ar an margadh is tábhachtaí i bhfad d'earraí Éireannacha. Tá súil agam moltaí maidir leis sin a chur faoi bhráid na Comh-Aireachta sna míonna amach romhainn."

Ag trácht di freisin ar an ngné sin den bhuiséad, dúirt an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee T.D.:

"Cuirim fáilte mhór roimh an mbuiséad méadaithe i gcomhair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Úsáidfear cuid den chistiú chun cur leis an mbuiséad i ndáil le cláir chun tacú le hobair an Aontais Eorpaigh in Éirinn, rud a chabhróidh leis an Rialtas díospóireacht náisiúnta a chothú faoi Thodhchaí na hEorpa.

Leanfaidh mé ar aghaidh ag obair leis an Taoiseach agus leis an Aire Coveney chun seasamh na hÉireann laistigh den AE27 a neartú agus a chinntiú go rachaidh ár mballraíocht san Aontas chun a dtairbhe dár saoránaigh go léir."

Buiséad na hÉireann don Chúnamh Oifigiúil Forbartha á ardú go €707 Milliún

I gcomhair na bliana 2018, tá díreach os cionn €707 milliún leithdháilte ag an Rialtas le haghaidh Cúnamh Oifigiúil Forbartha. Is í seo an tríú bliain as a chéile inar méadaíodh an Cúnamh sin. Beidh €13.5 milliún breise ag an gclár cúnaimh dhéthaobhaigh, Cúnamh Éireann, atá faoi bhainistiú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, le hais mar a bhí anuraidh. Fágfaidh sé sin go mbeidh buiséad os cionn €500 milliún ag Cúnamh Éireann den chéad uair ón mbliain 2012.

Ag labhairt dó faoin gcúnamh oifigiúil forbartha (COF) thar lear, dúirt an tAire Coveney:

"Tá áthas orm go bhfuilimid ag cur l€26 milliún leis an mbuiséad COF foriomlán inniu, ionas go mbeidh luach díreach os cionn €707 milliún aige in 2018. Sin méadú 4% ar leibhéal buiséid leasaithe na bliana 2017 agus is í seo an tríú bliain as a chéile ina mbeidh an leithdháileadh COF méadaithe againn.

Tá an Rialtas thar a bheith tiomanta do chlár cúnaimh thar lear na hÉireann agus don áit atá aige i gcroílár ár mbeartais eachtraigh. In 2015 rinneamar díreach os cionn €600 milliún a leithdháileadh agus is ionann suim na bliana 2018 agus méadú níos mó ná €100 milliún nó beagnach 18% le trí bliana anuas. 

Níl aon amhras ann gur léiriú soiléir nithiúil é an méid sin ar thacaíocht agus tiomantas an Rialtais do chlár cúnaimh na hÉireann agus do mhéaduithe éifeachtacha, inbhuanaithe a dhéanamh ar an leithdháileadh buiséid don COF.

Den chéad uair ó 2012, beidh os cionn €500 milliún á bhainistiú thar ceann shaoránaigh na hÉireann trí Rannán um Chomhar Forbartha na Roinne, nó Cúnamh Éireann mar a thugtar air. Déanfar thart timpeall is €207 milliún eile a bhainistiú trí Ranna Rialtais eile agus trí sciar na hÉireann de Bhuiséad Comhair Forbartha an Aontais Eorpaigh. 

Táimid fós tiomanta do dhul chun cinn inbhuanaithe a dhéanamh de réir a chéile i dtreo sprioc na Náisiún Aontaithe i dtaobh 0.7% den OTN a sholáthar mar COF. Mar a dúirt an Taoiseach, ní mór dúinn treochlár soiléir a bheith againn maidir leis an sprioc sin a bhaint amach agus beidh mé ag cur moltaí ina thaobh sin faoi bhráid an Rialtais go luath an bhliain seo chugainn."

Dúirt Ciarán Cannon T.D., an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta:

"Bainfimid úsáid as na hacmhainní breise seo chun leanúint ar aghaidh ag cur i gcoinne na bochtaineachta agus an ocrais, chun tógáil ar an obair atá ar bun againn ar mhaithe le feabhas inbhuanaithe a chur ar chaighdeáin mhaireachtála chuid de na daoine is boichte ar domhan, agus chun cur leis an bhfreagairt uainn do na riachtanais ollmhóra dhaonnúla ar fud an domhain – go háirithe san Afraic agus sa Mheánoirthear."

CRÍOCH

An Phreasoifig

10 Deireadh Fómhair, 2017

Nótaí d'Eagarthóirí: