Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An 31ú Cruinniú Iomlánach den Réimeas um Rialú Teicneolaíochta Diúracán á oscailt ag an Aire Coveney

Minister Simon Coveney, Éire, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

An 31ú Cruinniú Iomlánach den Réimeas um Rialú Teicneolaíochta Diúracán á oscailt ag an Aire Coveney

Bhí áthas ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney T.D, an 31ú Cruinniú Iomlánach den Réimeas um Rialú Teicneolaíocht Diúracán (MTCR) a oscailt go foirmiúil inniu in éineacht le hionadaí na hÍoslainne, an Státrúnaí Buan, an tUasal Sturla Sigurjonsson.

Agus a ráiteas oscailte á thabhairt aige, dúirt an tAire Coveney:

"Tá Éire an-bhródúil as a bheith ag obair i gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe Íoslannacha agus a bheith inár gComhchathaoirleach do Sheisiún 2017-18 den MTCR... in éineacht lenár gcomhpháirtithe Íoslannacha, tá sé á léiriú againn go bhfuilimid réidh chun freastal ar ár n-oibleagáidí i leith an neamh-iomadú a chur chun cinn trí chomhchathaoirleacht a dhéanamh ar an MTCR"

"Sa tréimhse 30 bliain ó bunaíodh é, tá sé léirithe ag MTCR gur maith ann é. Tá leathnú tagtha air anois ionas go bhfuil 35 comhpháirtí ann, agus an cuspóir céanna acu go léir. Bhí meon an chomhair ina ghné den réimeas seo i gcónaí agus tá an ghné sin ag teastáil níos mó ná riamh anois má táimid lena chinntiú go n-éireoidh linn agus chun leanúint ar aghaidh ag taispeáint an bhealaigh maidir le neamh-iomadú diúracán."

Ag an gcruinniú iomlánach, a bhí ar siúl ar feadh seachtaine, tugadh le chéile os cionn 260 toscaire ó 35 tír chomhpháirtíochta chun plé a dhéanamh faoi shaincheisteanna a bhaineann le hiomadú diúracán, lena n-áirítear dúshláin cheadúnaithe agus forfheidhmithe agus forbairtí teicneolaíochta.

Le linn a dtréimhse ina gcomhchathaoirligh, beidh Éire agus an Íoslainn ag obair chun cur le héifeachtúlacht an réimis agus ag dul i mbun for-rochtana le tíortha nach comhpháirtithe iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun feasacht a mhúscailt faoi MTCR agus faoin obair a dhéanann sé maidir le hiomadú diúracán a chosc.

Tá an ráiteas iomlán ag:https://www.dfa.ie/news-and-media/speeches/speeches-archive/2017/october/31st-missile-technology-control-regime/

 

Nótaí do na hEagarthóirí:

Is tuiscint pholaitiúil neamhfhoirmiúil i measc stát é an Réimeas um Rialú Teicneolaíochta Diúracán (MTCR), a bhfuil sé ina aidhm leis srian a chur le hiomadú diúracáin agus le teicneolaíocht na ndiúracán. Tá sé mar aidhm ag MTCR srian a chur leis an mbaol a bhaineann le hiomadú na n-arm ollscriosta, cibé cén cineál iad, trí rialú a dhéanamh ar onnmhairí earraí agus teicneolaíochtaí a d'fhéadfadh tacú lena gcórais seachadta. Beidh Éire agus an Íoslainn ina gcomhchathaoirligh ar MTCR ó Dheireadh Fómhair 2017