Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste i dtaca leis an gcruinniú mullaigh idir-Chóiréach

Dí-armáil, Preas Ráiteas, An Áise agus an Aigéine, 2018

Chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachracha agus Trádála, Simon Coveney T.D. in iúl inniu gur cúis áthais dó an cruinniú mullaigh idir-Chóiréach a bheidh ar siúl ar an 27 Aibreán idir an tUachtarán Moon Jae-in ón gCóiré Theas agus Kim Jong-un ón gCóiré Thuaidh, an chéad chruinniú dá leithéid idir ceannairí na Cóiré Thuaidh agus Theas le 11 bhliain.

Dúirt an Tánaiste: “Is cúis mhór áthais d’Éirinn an cruinniú mullaigh a bheidh ar siúl an tseachtain seo idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas agus tá súil againn go ndéanfar dul chun cinn maidir le dí-armáil núicléach Leithinis na Cóiré. Ba cheart gach deis chun plé a dhéanamh agus chun teacht ar réitigh taidhleoireachta sa chomhthéacs seo a thapú. Is ábhar dóchais é an fhéidearthacht maidir le cainteanna díreacha idir Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus na Stáit Aontaithe freisin.

“Is cuid lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann go fóill é domhan gan arm núicléach a bhaint amach agus a chothú. Tacaímid le céimeanna a thógtar le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an dí-armáil núicléach. Tathantaímid ar Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré cloí leis na hoibleagáidí atá uirthi faoi réitigh Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha a dhaingniú. Tathantaímid uirthi cláir d’arm núicléach agus diúracáin bhalaistíocha a thréigean ar bhealach iomlán infhíoraithe do-aisiompaithe”.

CRÍOCH