Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seoladh an tuarascáil ón gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil

Cúnamh Éireann, Preas Ráiteas, Éireann, 2018

Chuir an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as an Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Ciaran Cannon T.D., fáilte inniu roimh fhoilsiú athbhreithniú an Oireachtais maidir le clár cúnaimh idirnáisiúnta na hÉireann. Ba é an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil, agus Cosaint, a rinne an t-athbhreithniú.
Sa tuarascáil leagtar béim ar thacaíocht láidir an Choiste d’fhócas leanúnach na hÉireann ar riachtanais na ndaoine is boichte agus is leochailí ar fud an domhain. Moltar Éire as a bhfuil déanta aici ó thaobh cúnamh neamhcheangailte de.

Agus é ag labhairt leis an gCoiste ag an seoladh, dúirt an tAire Cannon an méid a leanas:
“Dírítear aird sa tuarascáil ar na dúshláin dhomhanda atá romhainn. Agus muid ag iarraidh tosaíochtaí maidir le maoiniú forbartha a leagan síos, ionas go mbeidh sé réidh do na deich mbliana amach romhainn, cabhraíonn an tuarascáil seo linn chun cúrsaí a léiriú d’fhonn an chéad bhabhta eile de thosaíochtaí beartais a chur in iúl.

“Meabhraíonn do thuarascáil idircheangailteacht ár bpláinéad beag ach casta dúinn, agus ról na hÉireann i dtaca le freagairt do dhúshláin ár gcomharsana, bíodh siad san Afraic, sa Mheánoirthear nó in aon áit eile. An bealach is fearr chun ár leas féin a chosaint ná comharsanacht slán, socraithe agus rathúil.”

Leagtar béim sa tuarascáil ar roinnt mórthéamaí a léiríonn cáilíocht rannpháirtíocht idirnáisiúnta na hÉireann agus éilítear méadú ar an gcaiteachas ar Chúnamh Forbartha Oifigiúil ó Éirinn. Sna conclúidí, tugann an Coiste roinnt tuairimí tábhachtacha agus cabhracha maidir le hobair na hÉireann chun na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach go hidirnáisiúnta agus ar bhonn intíre, úsáid cothrománach na mbealaí déthaobhacha agus iltaobhacha chun cabhair a eisíoc; ag foghlaim ó thaithí ag leibhéal tíre trí stair fhada na hÉireann ag obair le páirtithe lárnacha agus ag cinntiú gur ann do chumarsáid mhaith maidir leis an gclár cúnaimh sa bhaile.

CRÍOCH