Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire McEntee i láthair ag cruinniú neamhfhoirmiúil Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh

Beidh an tAire um Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee T.D., i láthair ag cruinniú neamhfhoirmiúil Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh a reáchtálfaidh Uachtaránacht na Bulgáire i Sóifia an 15-16 Feabhra.

Agus í ag labhairt roimh an gcruinniú, bhí an méid a leanas le rá ag an Aire McEntee:

“Is deis thábhachtach an cruinniú seo d’Airí an Aontais Eorpaigh chun idirphlé neamhfhoirmiúil a dhéanamh maidir le forbairtí domhanda, agus maidir le conas is féidir leis an Aontas dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin atá romhainn ó thaobh beartas eachtrach de.

“Pléifimid an choimhlint sa tSiria, coimhlint is cúis le díchobhsú ollmhór go forleathan sa réigiún. Tá gá práinneach le réiteach polaitiúil cuimsitheach uilechuimsitheach chun deireadh a chur le fulaingt mhuintir na Siria, agus ní mór do na páirtithe go léir guaim a choinneáil orthu féin ionas nach n-éireoidh rudaí níos measa. Tacaímid go hiomlán leis an idirbheartaíocht pholaitiúil treoraithe ag na Náisiúin Aontaithe chun deireadh a chur leis an gcoimhlint. Thug Éire níos mó ná €90 milliún mar fhreagra daonnúil ar ghéarchéim na Siria; an ranníocaíocht is mó a rinneamar le haon ghéarchéim amháin le roinnt blianta. Chuir an AE agus a bhallstáit níos mó ná €9.5 billiún ar fáil, agus mar thoradh air sin is é an AE an deontóir aonair is mó san iarracht.

“Is deis maith an cruinniú seo chun cur leis an idirphlé an-úsáideach a bhí agam leis na tíortha is iarrthóirí agus leis na tíortha is iarrthóirí ionchasacha le linn na cuairte a thug mé ar na Balcáin Thiar le déanaí. Chuir Éire fáilte roimh an straitéis nua ón AE maidir leis na Balcáin Thiar, agus cuirfimid fáilte roimh na tíortha sin atá réidh chun na freagrachtaí ballraíochta a ghlacadh. Creidimid go láidir go bhfuil luach ag baint le ballraíocht an Aontais Eorpaigh chun an chobhsaíocht agus an tslándáil a bhaint amach.

“Pléifidh Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh forbairtí i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) chomh maith. Tá an t-idirphlé a tharla le déanaí idir an gCóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas le moladh, agus is comharthaí dearfacha iad toscaireacht ó DPRK ag Cluichí Oilimpeacha Pyeongchang agus na pleananna comhráití míleata a eagrú idir an dá thaobh. Mar sin féin, is cúis mhór imní i gcónaí iad cúrsaí ar leithinis na Cóiré. Is dúshlán mór iad tástálacha diúracán balaistíocha agus núicléacha na Cóiré Thuaidh a rinneadh in 2017 ar iarrachtaí idirnáisiúnta dí-armáil núicléach agus neamhiomadú a chur chun cinn go domhanda. Tacaíonn Éire le hatosú láithreach na gCainteanna Sé Pháirtí maidir le dí-armáil núicléach Leithinis na Cóiré, gan aon réamhchoinníollacha. Is cúis mhór imní chomh maith cúrsaí maidir le cearta an duine in DPRK.”

CRÍOCH