Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Straiteis nua on AE maidir leis na Balcain Thiar

Fáiltíonn an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee, roimh an straitéis nua ón AE nua maidir leis na Balcáin Thiar

Agus í ag cur fáilte roimh an straitéis nua ón AE maidir leis na Balcáin Thiar a cuireadh i láthair ag Parlaimint na hEorpa inniu, an 6 Feabhra, dúirt an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee, T.D. an méid a leanas:

‘Athdhearbhaíonn an straitéis maidir leis na Balcáin Thiar, a foilsíodh inniu, tiomantas an Aontais Eorpaigh do dhearcadh Eorpach na dtíortha go léir sna Balcáin Thiar, dearcadh lena dtugann Éire lántacaíocht. Leagtar amach creatlach dóibh siúd atá ag súil le dul isteach san Aontas as seo go ceann tamaill. Creideann Éire go mba cheart dúinn fáiltiú rompu siúd atá réidh chun na freagrachtaí agus na hoibleagáidí ballraíochta a ghlacadh, agus go mba cheart dúinn spreagadh a thabhairt dóibh ina n-iarrachtaí. Chaith mé an tseachtain seo caite ag bualadh le daoine tábhachtacha i mBoisnia-Heirseagaivéin, Montainéagró agus sa tSeirbia agus phléamar go leor de na saincheisteanna atá sa straitéis. Spreag mé na tíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha breith ar an bhfuinneamh atá ann mar gheall ar an bhfócas úr a leagadh ar na Balcáin Thiar de bharr Uachtaránacht na Bulgáire ar an AE agus gheall mé tacaíocht na hÉireann dóibh agus iad i mbun na n-athruithe riachtanacha a chur i gcrích chun an caighdeán ard lena mbíonn an tAontas Eorpach ag súil a bhaint amach.’

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an tArdionadaí AE, Frederica Mogherini, chun an straitéis nua ón Aontas Eorpach maidir leis na Balcáin Thiar a chur i láthair i bParlaimint na hEorpa Dé Máirt, an 6 Feabhra. Tá an réigiún ar cheann de thosaíochtaí Uachtaránacht na Bulgáire ar Chomhairle an AE, agus tionólfar cruinniú mullaigh maidir leis na Balcáin Thiar i Sóifia an 17 Bealtaine, a bhfaighidh an Taoiseach cuireadh chuige. I mí Aibreáin, tá an Coimisiún AE chun a thuarascálacha ar mhéadú an AE a chur i láthair. Déantar cur síos sna tuarascálacha seo ar an dul chun cinn atá déanta ag tíortha ar mian leo dul isteach san Aontas. Tá sé thír sna Balcáin Thiar a bhfuil ‘dearcadh Eorpach’ acu: tá idirbheartaíocht aontachais faoi lán seol le Montainéagró agus an tSeirbia, agus tá Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus an Albáin fós ag fanacht ar tús a chur leis an idirbheartaíocht. Tá an Bhoisnia-Heirseagaivéin agus an Chosaiv níos faide arís ar chúl, ach tá stádas mar iarrthóirí ionchasacha bainte amach acu.

CRÍOCH