Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cúis áthais don Tánaiste rangú domhanda an phas Éireannaigh

Cúis áthais don Tánaiste rangú domhanda an phas Éireannaigh

Is cúis áthais don Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an fógra gur rangaíodh an pas Éireannach ar an gcúigiú pas is fearr ar domhan in Henley Passport Index agus ar an gceathrú pas is fearr in innéacs domhanda pas Arton.
Déanann an rangú sin tomhas ar phasanna an domhain de réir líon na dtíortha ar féidir leis an té ag a bhfuil an pas taisteal chucu gan víosa. Agus é ag fáiltiú roimh an bhfógra seo, dúirt Simon Coveney, an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an méid seo a leanas:

‘Táim an-bhródúil gur rangaíodh an pas Éireannach sa cheathrú agus sa chúigiú háit faoi seach in dhá rang dhomhanda cháiliúla. Léiríonn an rangú arís eile an luach agus an chumhacht a bhaineann leis an bpas Éireannach agus an meas atá air go hidirnáisiúnta.’

Thréaslaigh an Tánaiste Coveney le foireann Sheirbhís na bPasanna agus dúirt sé freisin go léiríonn an fógra a dhaingne agus atá an pas Éireannach. Léiríonn sé an iarracht ollmhór a rinneadh ar gach leibhéal de Sheirbhís na bPasanna chun ardchaighdeán an phas a chosaint agus chun a áirithiú go bhfuil sé ina dhoiciméad slán taistil agus aghaidh á tabhairt freisin ar na dúshláin a bhaineann leis an méadú ar líon na n-iarratas agus ar an ngá le dul chun cinn teicneolaíoch.

D’infheistigh Seirbhís na bPasanna i gclár cuimsitheach trí bliana um Athchóiriú Pasanna a bheidh ar bun go dtí 2019. Tháinig athruithe móra teicneolaíocha dírithe ar an gcustaiméir le blianta beaga anuas mar gheall ar an gclár uaillmhianach seo. Go háirithe an tSeirbhís um Athnuachan Pas Ar Líne a seoladh i mí an Mhárta 2017 a fhágann go bhfuil daoine fásta in ann athnuachan a dhéanamh ar an bpas áit ar bith ar domhan anois, 24 uair a chloig gach lá, 7 lá na seachtaine. Tá an córas seo éasca le húsáid, slán agus faoi láthair, déantar na hiarratas a phróiseáil níos tapúla ná an 10 lá oibre atá mar sprioc agus ansin an t-am a thógann sé sa phost.

Thapaigh an Tánaiste Coveney an deis chun meabhrú do dhaoine an pas a sheiceáil sula gcuirtear eitiltí in áirithe agus dul i gcomhairle le suíomh gréasáin Sheirbhís na bPasanna https://www.dfa.ie/passports chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcóras iarratais agus a fháil amach cé acu bealach is oiriúnaí dóibh féin chun iarratas a dhéanamh.

CRÍOCH