Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste maidir le himeachtaí in Gaza

Labhair Simon Coveney, an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, faoi na himeachtaí a tharla inniu in Gaza, ina dtuairiscítear gur maraíodh os cionn 40 duine.

Dúirt an Tánaiste, “ Le roinnt seachtainí anois, chuir mé in iúl arís agus arís eile mo dhíomá faoi mharú Palaistíneach atá fós ag dul ar aghaidh in Gaza mar gheall ar úsáid armlóin bheo ag Iosrael mar fhreagairt ar léirsithe. Tá alltacht agus uafás orm go bhfuil na scórtha daoine maraithe ag fórsaí Iosrael ar maidin cheana féin. Tá na mílte eile ag fulaingt mar gheall ar ghortuithe tromchúiseacha.

Tá mé an-bhuartha gur cosúil go bhfuil an fórsa in úsáid thar fóir don bhagairt thuairiscithe, agus deirim arís go bhfuil gá práinneach le fiosrúchán neamhspleách, mar atá éilithe ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Tá sé fíorthábhachtach go gcoinneoidh fórsaí Iosrael guaim orthu féin, mura bhfuil líon tragóideach na marbh le dul in olcas. I gcomhthéacs oscailt Ambasáid SA in Iarúsailéim, iarraim ar gach ceannaire bheith cinnte go gcuirfidh aon ráiteas uathu an tsíocháin chun cinn agus nach ndéanfaidh siad an scéal níos measa.”

CRÍOCH