Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste faoi thorthaí ón gComhfhoireann Imscrúdaithe maidir le tuirlingt Eitilt MH 17

I ndiaidh na dtorthaí is déanaí ón gComhfhoireann Imscrúdaithe maidir le tuirlingt eitilt MH 17 de chuid Aerlínte na Malaeisia ar an 17 Iúil 2014, leag an Tánaiste agus an tAire um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney T.D., béim ar thacaíocht leanúnach na hÉireann do Rún 2166 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ina n-éilítear iad siúd atá freagrach as a choinneáil cuntasach. D’iarr sé ar gach Stát, agus ar Chónaidhm na Rúise go háirithe, comhoibriú go hiomlán leis na hiarrachtaí chun freagracht a fháil amach maidir le bás na 298 paisinéir agus na foirne.

“Leagann Éire béim ar a tacaíocht leanúnach do Rún 2166 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 21 Iúil 2014 ina n-éilítear iad siúd atá freagrach as tuirlingt eitilt MH 17 ar an 17 Iúil 2014 a choinneáil cuntasach, agus ina moltar do gach stát comhoibriú go hiomlán leis an iarracht seo.

“Ar 24 Bealtaine 2018, chuir an Chomhfhoireann Imscrúduithe atá ag déanamh an imscrúdaithe ar thuirlingt na heitilte níos mó torthaí i láthair. Rinne sí amach, gan amhras dá laghad, gur le fórsaí armtha Chónaidhm na Rúise an córas diúracán BUK a úsáideadh chun aerárthach Aerlínte na Malaeisia a thabhairt anuas.

“Creideann Éire go láidir i neamhspleáchas, gairmiúlacht agus neamhchlaontacht na Comhfhoirne Imscrúdaithe. Tacaíonn muid leis an éileamh a rinne an tAontas Eorpach ar maidin ar Chónaidhm na Rúise, freagracht a ghlacadh agus comhoibriú leis na hiarrachtaí go léir atá ar bun chun cuntasacht a chinntiú. Is é sin an méid is lú atá tuillte ag na daoine atá faoi bhrón mar gheall ar an eachtra uafásach seo.”

CRÍOCH