Colm Brophy, T.D., ceaptha mar Aire a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear
Press release
09 December 2020Inniu, Déardaoin, 2 Iúil, thosaigh an tAire Colm Brophy, T.D., a chéad lá mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as clár cúnamh idirnáisiúnta na hÉireann agus as diaspóra na hÉireann. Ag labhairt dó ag Teach Uíbh Eachach, ceanncheathrú na Roinne Gnóthaí Eachtracha, dúirt an tAire Brophy:
“Tá ardmheas ar chlár forbartha idirnáisiúnta na hÉireann, Cúnamh Éireann. Tá mé ag súil le hoibriú leis an tsochaí shibhialta, leis an Aontas Eorpach agus leis na Náisiúin Aontaithe, mar aon le hAmbasáidí na hÉireann agus comhpháirtithe san Afraic, Stáit Oileánacha Bheaga agus áiteanna eile chun ‘Domhan Níos Fearr’ a chur ar fáil. Cuireann Covid-19 i gcuimhne dúinn an nasc atá ag ár sábháilteacht agus forbairt sa bhaile le sábháilteacht agus forbairt daoine eile thar lear, agus ba mhaith liom oibriú mar Aire lena chinntiú go mbíonn ról iomlán ag Éirinn san fhreagairt dhomhanda ar an bpaindéim seo.”
Dúirt an tAire Brophy freisin:
“Tá ról lárnach ag pobail láidre Diaspóra i gcabhrú le feasacht dhearfach ar Éirinn agus ar chultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain. Beidh mise ag díriú sna míonna agus blianta romhainn ar éisteacht agus ar thacú lenár bpobail Diaspóra, go háirithe na baill is leochailí.”
CRÍOCH