Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógraíonn an tAire Byrne €100k atá ar fáil chun comhphlé faoin Eoraip a chur chun cinn

Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha Thomas Byrne, T.D., fáilte roimh eagrais dheonacha, oideachais agus na sochaí sibhialta cur isteach ar mhaoiniú faoin Tionscnamh Cumarsáide faoin Aontas Eorpach ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Agus seoladh na scéime á fhógairt aige, dúirt an tAire Byrne:

“Tá Éire iomlán tiomanta do bheith i gcroílár an Aontais Eorpaigh. Le bheith mar bhall éifeachtach, caithfimid plé poiblí láidir faoin Eoraip a chothabháil – ionas go mbíonn an pobal ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag an Aontas ar a saol, ar na tairbhí ar fad a bhaineann leis mar aon leis an chaoi gur féidir leo féin cruth a chur ar an Aontas.

Tionscadal tábhachtach is ea an Tionscnamh Cumarsáide faoin Aontas Eorpach lena chinntiú go bhfuil eolas níos fearr ag ár saoránaigh maidir le saincheisteanna Eorpacha agus gur féidir leo cur le breithnithe leanúnacha ar thodhchaí na hEorpa ar bhealach níos éifeachtaí.”

Is é is aidhm don Tionscnamh Cumarsáide faoin Aontas Eorpach feasacht phoiblí ar ról an Aontais sa saol ó lá go lá a dhoimhniú agus caighdeán an eolais phoiblí faoi shaincheisteanna Eorpacha a fheabhsú, agus rochtain ar an eolas sin a éascú, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta.

Ba cheart do na tionscadail saincheisteanna a bhaineann leis an Eoraip, ról an Aontais Eorpaigh, Todhchaí na hEorpa agus ról na hÉireann san Eoraip a chur in iúl.

Tá maoiniú €100,000 curtha ar fáil faoin scéim i mbliana.

Tá tuilleadh sonraí agus foirmeacha iarratais ar fáil anois ó www.dfa.ie. Is é Dé hAoine, 31 Iúil 2020 an spriocdháta d’iarratais.

CRÍOCH

« Previous Item | Next Item »