Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Labhraíonn na tAire Byrne le comhghleacaithe Eorpacha

Labhair an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne, T.D., go haonair lena chomhpháirtithe ó roinnt Ballstáit AE, ar an nguthán agus ar ghlaonna físchomhdhála mar ullmhúchán do Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an Aontais Eorpaigh an tseachtain seo.  Agus machnamh á dhéanamh aige ar na pléití, dúirt an tAire Byrne:

“Bhí sé an-úsáideach deis a bheith agam mé féin a chur in aithne do mo chomhghleacaithe ar fud an Aontais Eorpaigh agus chun príomhthosaíochtaí an Rialtais nua a mhíniú dóibh, go háirithe ár dtiomantas gan staonadh don Aontas agus a idéil. Tá an t-ádh linn go bhfuil dea-chaidreamh againn le Ballstáit eile atá tógtha ar bhunchloch láidir den chómhuinín.” 

Pléadh na nithe seo go neamhfhoirmiúil:

  • an chéad bhuiséad AE eile (an Creat Airgeadais Ilbhliantúil);
  • An Breatimeacht agus idirbheartaíochtaí ar chaidreamh an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe amach anseo;
  • riail an dlí san AE; agus
  • an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa atá pleanáilte.

Thapaigh an tAire Byrne an deis freisin chun buíochas a ghabháil lena chomhghleacaithe as a ndlúthpháirtíocht agus a dtacaíocht i rith ghéarchéim Covid-19, go háirithe ag cabhrú le saoránaigh filleadh ar Éirinn.

Dé Céadaoin, 15 Iúil, beidh an tAire Byrne i dteannta a chomhghleacaithe Aireachta AE trí fhíschomhdháil, i gcomhair cruinniú d’Airí Ghnóthaí Eorpacha, áit a gcuirfidh Uachtaránacht na Gearmáine a tosaíochtaí i láthair don téarma sé mhí romhainn.  Ullmhódh Airí don chruinniú duine le duine den Chomhairle Eorpach an 17/18 Iúil áit a mbeidh an chéad bhuiséad AE eile (an Creat Airgeadais Ilbhliantúil), agus an ionstraim aisghabhála Eorpach molta €750bn – “An Chéad Ghlúin AE Eile” ar an gclár oibre. 

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú Gnóthaí Ginearálta, dúirt an tAire Byrne:

“Tá mé ag súil go mór le tosú ag obair le mo chomhghleacaithe Eorpacha.  Maidir leis na hidirbheartaíochtaí don bhuiséad AE nua, beidh aird á tarraingt agam ar thosaíochtaí na hÉireann, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le CAP a chothabháil agus a chosaint, agus cinntiú go nglacfar cuntas iomlán ar thionchair COVID-19 ar gheilleagair na mBallstát agus muid ag féachaint ar ár riachtanais athléimneachta aonair. Déanfaidh mé an pointe freisin go bhfuilimid ag súil go mbeidh dúshlán breise ag baint leis an mBreatimeacht do gheilleagar na hÉireann, a chuireann leis na deacrachtaí atá romhainn i dtacú leis na hearnálacha atá ag streachailt.

Is mór againn an tacaíocht agus dlúthpháirtíocht láidir ón Aontas Eorpach, lena n-áirítear an pacáiste cúnaimh eacnamaíoch agus airgeadais ar fiú níos mó ná €540 billiún é atá aontaithe ag an gComhairle Eorpach cheana.  Cuid ríthábhachtach eile de chosán AE chuig an aisghabháil a bheidh i gCiste Aisghabhála “An Chéad Ghlúin AE Eile”.

CRÍOCH

« Previous Item |