Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Thomas Byrne, T.D., ceaptha mar Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha

Ceapadh Thomas Byrne, T.D., mar Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha.  Ag labhairt dó inniu ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, dúirt an tAire Byrne:

“Tá áthas orm glacadh leis an ról mar Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha. Tá mé ag súil le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe AE ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha d’Éirinn – go láithreach na hidirbheartaíochtaí ar Bhuiséad AE nua (an Creat Airgeadais Ilbhliantúil) áit a gcuirfidh mé béim ar an tábhacht a bhaineann le CAP a chothabháil agus a chosaint.

Oibreoidh mé freisin le comhpháirtithe ar ár bhfreagra ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ag eascairt as Paindéim COVID-19. Is mór ag Éirinn an tacaíocht agus dlúthpháirtíocht láidir ón Aontas Eorpach, lena n-áirítear an pacáiste cúnaimh eacnamaíoch agus airgeadais ar fiú níos mó ná €540 billiún é atá aontaithe ag an gComhairle Eorpach cheana. Gné thábhachtach eile de thacaíocht AE leis an aisghabháil is ea an Ciste Aisghabhála, “An Chéad Ghlúin AE Eile”.  Tá tionchar ag an ngéarchéim ar gach Eorpach agus mar sin caithfimid oibriú le chéile chun bealach chun an haisghabhála a dhéanamh a thabharfaidh tairbhí dár saoránaigh ar fad.

Táthar ag díriú go príomha ar an mBreatimeacht agus ar thoradh an phróisis idirbheartaíochta leanúnaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sna míonna romhainn. Tosaíocht náisiúnta is ea ullmhú do dheireadh an aistrithe agus beidh mé ag obair go dlúth leis an Taoiseach, leis an Aire Coveney, agus le comhghleacaithe eile sa rialtas agus mo chomhpháirtithe Eorpacha chun pleanáil a dhéanamh agus le bheith hullamh don chéad chéim eile seo de phróiseas an Bhreatimeachta.”  

 

CRÍOCH
An Phreasoifig
2 Iúil 2020

« Previous Item | Next Item »