Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Airí le freastal ar chruinniú den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Pléifidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney, T.D., agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha Thomas Byrne, T.D., an cás reatha maidir le hidirbheartaíochtaí AE-RA le comhghleacaithe Eorpacha, ag cruinniú den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta i Lucsamburg inniu. Ag an gComhairle, ceadóidh Airí socruithe nua chun comhleanúnachas laistigh den Aontas ar thaisteal agus srianta a cuireadh i bhfeidhm i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 a fheabhsú.

Ullmhóidh Airí freisin don Chomhairle Eorpach, an 15–16 Deireadh Fómhair, áit a bpléifidh Ceannairí COVID-19, Athrú Aeráide, caidrimh AE-na hAfraice agus idirbheartaíochtaí AE-RA. Malartóidh Airí tuairimí freisin ar an gComhphlé Bliantúil ar Riail an Dlí.  

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Coveney: 

“Táim ag súil leis an mBreatimeacht a phlé le mo chomhghleacaithe ag an gcéim íogair seo sna cainteanna. Tá an tAontas Eorpach fós tiomanta do chomhaontú do Chaidreamh Todhchaí ach caithfear teacht ar chomhaontú ina bhfuil meas ar ár leasanna eacnamaíocha fadtéarmacha. Déanfaimid breithniú freisin ar an gcás maidir le forfheidhmiú an Chomhaontaithe Aistarraingthe – tá a fhorfheidhmiú iomlán agus dílis fós ríthábhachtach. Maidir le taisteal idirnáisiúnta, tá ár rún tugtha le fios ag Éirinn cheana go n-ailíneoimid leis an Moladh seo agus táimid ag obair ar phleananna chun a fhorálacha a fhorfheidhmiú.”

Seo mar a labhair an tAire Byrne: 

“Tá go leor saincheisteanna suntasacha againn ar chlár oibre na Comhairle Gnóthaí Ginearálta inniu, lena n-áirítear comhordú i measc na mBallstát ar thaisteal agus na srianta le saorghluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm i gcomhthéacs na paindéime. Fáiltím roimh an gcomhaontú ar an gceist thábhachtach seo.

Déanfaimid measúnú freisin ar dhul chun cinn sna hidirbheartaíochtaí le parlaimint na hEorpa ar an mbuiséad AE nua, an Comhphlé Bliantúil ar Riail an Dlí agus Athrú Aeráide. Bunphrionsabal is ea Riail an Dlí do gach Ballstát AE agus fáiltím roimh an tosaíocht atá á tabhairt don ábhar seo ag an gCoimisiún agus ag Uachtaránacht na Gearmáine.”

 

CRÍOCH

An Phreasoifig

13 Deireadh Fómhair 2020

« Previous Item | Next Item »