Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáiltíonn Airí roimh leithdháileadh méadaithe Cúnamh Thar Lear

D’fháiltigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cúnamh Thar Lear agus an Diaspóra, Colm Brophy, T.D., inniu roimh leithdháileadh €868 milliún chuig cúnamh thar lear i mbuiséad 2021.  Méadú €30 milliún atá anseo ar an leithdháileadh i mBuiséad 2020, chun an leithdháileadh do chúnamh thar lear a mhéadú den seachtú bliain as a chéile.

Seo mar a labhair an tAire Coveney:

“Infheistíocht i ndomhan níos fearr is ea an méadú €30 milliún sa leithdháileadh foriomlán i gCúnamh Forbartha Oifigiúil, de réir ár luachanna agus ár dtiomantas idirnáisiúnta.  Léiriú atá ann, agus muid ag ullmhú dár suíochán ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go bhfuil Éire ag oibriú i gcomhair pláinéad atá síochánta, inbhuanaithe agus cothrom.

Cuideoidh an méadú seo le hÉirinn ár ranníocaíocht iomlán a dhéanamh leis an bhfreagairt dhomhanda ar phaindéim COVID-19, a léirigh an méid a bhfuil ár bhfolláine in Éirinn nasctha le folláine daoine eile. Má chabhraímid leo siúd nach bhfuil buntáistí mar atá againne acu dul i ngleic le toradh an víris, lena n-áirítear trí shláinte, slándáil bia agus an córas oideachais a fheabhsú, agus rochtain ar vacsaín, cosnófar ár sláinte agus rachmas féin.  Ní hamháin gurb é an rud ceart le déanamh é cabhrú leo, ach is é an rud ciallmhar é le déanamh.”

Dúirt an tAire Brophy freisin:

“Cuireann clár comhair forbartha den chéad scoth na hÉireann, Cúnamh Éireann, ar ár gcumas ár dtiomantas do fhreagairt dóibh siúd is mó a bhfuil cúnamh uathu a sheachadadh.  Tacaíonn an méadú sa leithdháileadh do chúnamh forbartha thar lear an bhliain seo chugainn a fógraíodh inniu leis an tosaíocht a dhéanann mise – agus an Rialtas – dár spriocanna cúnaimh a shásamh.  Cuirfidh sé ar ár gcumas leanúint ag tacú le freagraí sláinte domhanda leis an víreas.

Go suntasach, mar go mbunaíonn Cúnamh Éireann aonad aeráide tiomanta, cuirfidh an méadú seo ar ár gcumas freisin dul chun cinn a dhéanamh ar an dúshlán eile dár nglúin, an t-athrú aeráide. Tá daoine cheana féin ocrach, páirteach i gcoimhlint, agus iallach orthu a mbaile a fhágáil mar gheall ar an athrú aeráide.  Tá bagairtí eiseacha roimh roinnt stáit bheaga oileánacha.  Agus muid ag iarraidh níos mó a dhéanamh sa bhaile, déanfaidh Cúnamh Éireann níos mó thar lear, mar gheall go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orainn ar fad.

Cabhróidh an maoiniú breise linn cur le sárobair Chúnamh Éireann chun riachtanais na ndaoine is faide taobh thiar a shásamh – is minic a fheictear gurb iad Cúnamh Éireann is fearr chun cabhrú leis na daoine is mó a bhfuil riachtanais acu.”

 

CRÍOCH

An Phreasoifig

13 Deireadh Fómhair 2020

« Previous Item |