Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Freastalaíonn an tAire Coveney ar Chomhairle Gnóthaí Eachtracha i Lucsamburg inniu

Freastalaíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney, T.D., ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha i Lucsamburg Dé Luain (12 Deireadh Fómhair). 

Freagróidh Airí Eachtracha AE d’fhorbairtí idirnáisiúnta le déanaí agus déanfar breith ar fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar na forbairtí is déanaí sa Bhealarúis agus sa Rúis. Déanfaidh Airí measúnú freisin ar rannpháirtíocht straitéiseach an Aontais le Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib agus cuntas a ghlacadh ar an gcomhphlé a d’éascaigh an tAontas idir an tSeirbia agus an Chosaiv. Pléifidh Airí an chaoi leis an gcóras iltaobhach agus rannpháirtíocht an Aontais in eagraíochtaí iltaobhacha a láidriú.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Coveney:

“Fáiltím roimh chomhaontú na Comhairle Eorpaí ar smachtbhannaí dírithe in aghaidh na ndaoine sin sa Bhealarúis atá freagrach as bréagnú thoradh thoghchán mhí Lúnasa agus as foréigean a úsáid i gcoinne lucht agóide síochánta. Caithfimid ár dtacaíocht shoiléir a léiriú do mhuintir na Bealarúise ina gcosaint ar a gcearta daonlathacha. Cáinim na coinneálacha leanúnacha agus an drochíde atá á tabhairt ag údaráis na Bealarúise dá saoránaigh féin.

“Maidir leis an Rúis, tá an iarracht ar cheannaire an fhreasúra Alexi Navalny a dhúnmharú cáinte go láidir ag Éirinn. Ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, déanfaidh an tAontas breithniú ar an gcaoi is fearr ar féidir leis freagairt dó seo agus déanfar measúnú ar an dearcadh i leith caidreamh AE-na Rúise don todhchaí.” 

Tagann an plé ar iltaobhachas agus Éire ag ullmhú le glacadh le comhaltas tofa ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in Eanáir 2021. 

Seo mar a labhair an tAire Coveney:

“Tá ról ceannasach ag an Aontas Eorpach i gcosaint ord idirnáisiúnta iltaobhach bunaithe ar rialacha a chosaint. Déanfaidh an tAontas machnamh ar an gcaoi ar féidir linn ról agus sofheictheacht an Aontais sna Náisiúin Aontaithe agus ag fóraim iltaobhacha eile a láidriú. Táim ag súil le comhoibriú maith i measc Ballstáit an Aontais ar an gComhairle Slándála nuair a ghlacaimid lenár suíochán in Eanáir.”

 

CRÍOCH 

AN PHREASOIFIG 

12 DEIREADH FÓMHAIR 2020

« Previous Item | Next Item »