Cuireann Ambasadóirí nua a nDintiúir i láthair
Press release
09 December 2020Chuir a Shoilse an Dr Thomas Nader, Ambasadóir Phoblacht na hOstaire, agus a Shoilse Gary Gray, Ambasadóir na hAstráile, a gcuid Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin ag Áras an Uachtaráin inniu.
Reáchtáladh na searmanais ag cloí go hiomlán le treoirlínte sláinte poiblí Covid-19, lena n-áirítear riachtanais scartha shóisialta.
Rinne Colm Brophy, T.D., an tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, ionadaíocht thar ceann an Rialtais ag an searmanas.
Bhí na daoine seo a leanas i láthair freisin: Ard-Rúnaí an Uachtaráin, Art O’Leary; an tArd-Rúnaí Niall Burgess, an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
CRÍOCH
An Phreasoifig
25 Meán Fómhair 2020