Cuireann Ambasadóirí nua a nDintiúir i láthair
Press release
09 December 2020Chuir a Soilse Larisa Miculet, Ambasadóir Phoblacht na Moldóive, agus a Shoilse Ki-hwan Kweon, Ambasadóir na Cóiré, a Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin ag Áras an Uachtaráin inniu.
Reáchtáladh na searmanais ag cloí go hiomlán le treoirlínte sláinte poiblí Covid-19, lena n-áirítear riachtanais scartha shóisialta.
Rinne Frank Feighan, T.D., an tAire Stáit ar bhfuil freagracht as an tSláinte Phoiblí, as an bhFolláine agus as an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, ionadaíocht thar ceann an Rialtais ag an searmanas.
Bhí na daoine seo a leanas i láthair freisin: Ard-Rúnaí an Uachtaráin, Art O’Leary; agus Brendan Rogers, Leas-Ard-Rúnaí, an Roinn Gnóthaí Eachtracha.