Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Athruithe ar nósanna imeachta maidir le pasanna chun seirbhísí níos fearr a sholáthar

Pasanna, Nuacht/gné-alt, Éireann, 2013
newpassport-procedure

Seirbhís nua ar fáil ar fud líonra oifigí an phoist

Tá dhá athrú tábhachtacha déanta ar nósanna imeachta um iarratais ar phasanna agus is éard is aidhm leo seirbhís ar chaighdeán níos fearr a sholáthar do chustaiméirí. Baineann siad le húsáid níos mó a bhaint as Seirbhís na bPasanna Luais agus córas nua coinní inár n-oifigí poiblí.

Athrú maidir le hiarratais tríd an bpost

Ba chóir iarratais ar phasanna tríd an bpost a sheoladh trí Sheirbhís na bPasanna Luais. Ní dhéanfar iarratais trí phost caighdeánach agus cláraithe a phróiseáil i ndiaidh an 30ú Meitheamh agus molfar d’iarratasóirí a n-iarratas a chur isteach arís le Seirbhís na bPasanna Luais.

Is seirbhís í Seirbhís na bPasanna Luais atá an-éasca le húsáid agus atá cosúil le seirbhís chúiréireachta arna hoibriú ag An Post go speisialta le haghaidh pasanna.  Tá sí ar fáil ar fud líonra oifigí an phoist agus in úsáid go rathúil ó 1995.  

Seirbhís coinní

Tá seirbhís coinní nua i bhfeidhm chomh maith ag Oifig na bPasanna i Sráid Theach Laighean, dóibh siúd atá ag taisteal ar fhógra gearr (laistigh de 3-10 lá oibre). Ní mór do chustaiméirí nach bhfuil ag taisteal laistigh de 3-10 lá oibre Seirbhís na bPasanna Luais a úsáid. Tugtar tosaíocht ag na cuntair phoiblí dóibh siúd atá ag taisteal ar fhógra gearr agus trí lá oibre an t-an am slánúcháin is tapúla do na hiarratais sin.

Tá Seirbhís na bPasanna Luais ar fáil ar fud líonra Oifig an Phoist agus in úsáid ó 1995

Tugann an tseirbhís deis do chustaiméirí coinne a chur in áirithe ag am oiriúnach idir 9am agus 5pm, Luan go hAoine, ionas nach gá dóibh fanacht i líne. Agus iad ag cur coinne in áirithe féadfaidh custaiméirí an cineál seirbhíse a theastaíonn uathu a chur in iúl roimh ré, mar shampla, cineál áirithe pas a athnuachan m.sh. pas do leanbh.

Is féidir coinní  a chur in áirithe ar líne ag www.passportappointments.ie. Beidh an tseirbhís á leathnú chuig Oifig na bPasanna i gCorcaigh agus i Londain sna míonna amach romhainn.

Is é costas na seirbhíse Seirbhís na bPasanna Luais ná €89 agus íocann na daoine sin a dhéanann iarratas thar an gcuntar €95.